
Dianchúrsa Gaeilge do Dhaoine Fásta.
Dianchúrsa Gaeilge
I rith an chúrsa aon lae beidh 4 leibhéal ar fáil ag freastal ar gach cumas Gaeilgeora ó ghlantosaitheoir go Gaeilgeoirí líofa. Is deis iontach é an cúrsa aon lae seo, ní amháin le blaiseadh a thabhairt do na daoine siúd atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim le tamall anuas ach do dhaoine ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge, chomh maith.
Bunrang: Aisling Nic Íomhair
Meánrang Íochtarach: Gráinne Ní Chatháin
Meánrang Uachtarach: Pól Mac Giolla Eoin
Ardrang: Fearghal Mag Uiginn
Am: 10am – 3pm
Costas: £15 (lón san áireamh)
Líon teoranta áiteanna. Ní mór áiteanna a chur in áiriteh faoi Dé Céadaoin 7 Meán Fómhair. Ní cheadófar clárúcháin ar maidin an chúrsa.
