Cúrsa 6 seachtaine i bpéinteáil tírdhreacha le péint aicrileach
(i mBéarla) le Mary Theresa Gribbin
Lig don tírdhreach, an ceol agus do mhothúcháin tú a spreagadh. Tarraing agus péinteáil an dóigh a mothaíonn tú, ag úsáid teicnící éagsúla, le do stíl ar leith féin a fhorbairt. Buneolas spraíúil péinteanna aicrileacha atá sa cheardlann 6 seachtaine é seo i suíomh réchúiseach cruthaitheach. Tá an cúrsa seo deartha do ghlantosaitheoirí agus do phéintéirí níos oilte araon.
Date: Dé Mairt 28 Deireadh Fómhair – 2 Nollaig
Am: 10am-12pm
Ionad: An Coire
Aois: 18+
Costas: £35