
Cuimhní Rúnda
Is amhránaí agus ceoltóir as Dún Geimhin í Nodlaig Ní Bhrollaigh a fuair saibhreas ceoil traidisiúnta agus tíre le hoidhreacht óna tuismitheoirí, amhránaithe clúiteacha, Anne agus Francie Brolly. Agus í oilte go clasaiceach, chuaigh Nodlaig ar camchuairt ar fud an domhain ag seinm le ceoltóirí mór le rá ar nós Phil Coulter agus an San Diego Symphony Orchestra. Beidh ceoltóirí ó Iarthuaisceart na hÉireann ag seinm in éineacht le Nodlaig Is é ‘Cuimhní Rúnda’ an dara halbam aonair de chuid Nodlaig agus is aistear é tríd na tréimhsí agus na háiteanna a spreag a ceol le fiche bliain anuas.
Ó na cuimhní cinn atá i bhfolach i ndoimhneacht an tSúiligh, go dtí lorg cheol an cláirsí ársa i nGleann Rua atá le cloisteáil in Albain, go dtí na heisimircigh ag fágáil a rian ag barr an Charn, go dtí an íomháú ealaíonta de Narnia ag Cearnóg CS Lewis
An rún leis an bhailiúchán seo de bhunshaothair ná le cur lenár dtuiscint ar áit agus ar oidhreacht agus leis an chuairteoir a mhealladh chun taithí a fháil ar na háiteanna seo ina bhfuil áilleacht rúndiamhair agus seanchas.
.
Doirse: 7.30pm / Seó: 8pm
Seirbhís beár ar fáil
