Cosán Cásca agus Lá Spraoi Teaghlaigh ag Droim nDamh
Bígí linn faoi choinne lá spraíúil i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh 🐰🌸🌿
Siúil thart ar Shlí na Cásca, bain sult as báid luascacha, cairtíní, ceardaíocht, péinteáil aghaidheanna agus níos mó. Tá faill GAN TEORAINN ar na himeachtaí uilig!
Tabhair do d’aire go bhfuil Slí na Cásca ar fáil trí Ghaeilge & trí Bhéarla, agus tá an cosán fóirsteanach do bhugaithe.
Is ionann ticéad a cheannach agus cead freastal ar an imeacht iomlán (12-3pm). Is ionann an t-am atá luaite ar do thicéad agus tús Slí na Cásca.
Ní mór áirithint a dhéanamh.
Páistí: £12 (deoch & leicíní bácála san áireamh)
Daoine Fásta: £10
Faoi 1- Saor in aisce
Le tacaíocht ó The National Lottery Community Fund.