Comórtas Grianghrafadóireachta (Téama: An Dúlra & an Oidhreacht Áitiúil)

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Comórtas Grianghrafadóireachta (Téama: An Dúlra & an Oidhreacht Áitiúil)

** Glactar le hiontrálacha ar líne anois. Seol do ghrianghraif, d’ainm, d’uimhir theagmhála chuig eolas@ancarn.org agus cuir teideal ar gach grianghraf. ** **

Urraithe: DJ Print, Magherafelt

Tugann an comórtas grianghrafadóireachta seo deis do ghrianghrafadóirí amaitéaracha idir óg agus aosta a gcion ar an an cheantar a léiriú trí ghrianghrafadóireacht álainn ardchaighdeáin. Ba mhaith linn gach duine a spreagadh le pléisiúr a bhaint as an dúlra agus as an oidhreacht atá thart orthu agus an dá phaisean s’acu a roinnt linn: áilleacht an cheantair áitiúil agus an ghrianghrafadóireacht!

Thig le gach duine a gciall féin a bhaint as an téama. D’fhéadfadh grianghraf dúlra (ina mbeadh ainmhithe agus/nó plandaí), tírdhreach nó láthair oidhreachta a bheith i gceist.

Catagóirí:

Faoi 16 agus Amaitéaraigh Fhásta

Prizes : 1ú £100 1ú £100

2ú £50 2ú £50

3ú £25 3 ú £25

Ba cheart na hiontrálacha a chur isteach i bhformáid phriontáilte (A3) chuig An Carn faoi Dé Céadaoin 3 Iúil. Fógrófar na buaiteoirí Dé hAoine 5 Iúil. Beidh na hiontrálacha uilig ar taispeáint i gCaifé An Croí i rith Fhéile Charn Tóchair. Tá na téarmaí agus coinníollacha iomlána le fáil ag www.ancarn.org

  • Beidh Coiste Forbartha Charn Tóchair ábalta na hiontrálacha uilig a úsáid i bhféilire áitiúil do 2025
  • Spriocdháta do na hiontrálacha ná Dé Céadaoin 3 Iúil @ 5 p.m. Ní ghlacfar le hiontrálacha ina dhiaidh sin.
  • Thig leis an iomaitheoir aonair a gciall féin a bhaint as an téama ‘An Dúlra & an Oidhreacha Áitiúil‘, ach tá muid ag lorg íomhánna áitiúla a léiríonn áilleacht ár nDúlra agus ár nOidhreachta
  • Thig le hiomaitheoir ar bith suas le trí ghrianghraf san iomlán a chur isteach – grianghraif phriontáilte ar mhéid A3
  • Níl cheadaítear do ghriangrafadóirí gairmiúla cur isteach ar an chomórtas
  • Coinneoidh na hiomaitheoirí cóipcheart na ngrianghraf a chuirfidh siad isteach. Trí chur isteach ar an chomórtas, tá gach iomaitheoir ag tabhairt ceart do CFCT na híomhánna a fhoilsiú agus a chur ar taispeáint.

Dáta

Meith 16 2024
Expired!

Am

8:00 am - 5:00 pm

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code