Comórtas Grianghrafadóireachta (Pobal – Daoine & Áit)

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Comórtas Grianghrafadóireachta (Pobal – Daoine & Áit)

Téama: Pobal – Daoine & Áit

Glactar le do léamh féin ar an téama. Seans go dtógfá grianghraf a thugann léargas ar mhuintir na háite, ar fhiadhúlra, ar oidhreacht, ar thírdhreach nó ar shaol an phobail.

Catagóiri: Faoi 16 agus Amaitéaraigh Fhásta

Duaiseanna:

1ú hÁit £50 (Prionta frámáilte de d’íomhá san áireamh)

2ú hÁit £25 (Prionta digiteach frámáilte de d’íomhá san áireamh)

 

Téarmaí & Coinníollacha

  • Ní mór grianghraif a thógáil i gceantar Charn Tóchair agus na bailte fearainn máguaird
  • Ní mór gach iontráil a chur isteach i bhformáid dhigiteach le: ainm, uimhir theagmhála, teideal an ghrianghraif agus an áit inar tógadh an grianghraf.
  • Ní mór na hiontrálacha a sheoladh chuig: info@ancarn.org nó eolas@ancarn.org
  • Glactar le 2 iontráil an duine
  • Is é 5pm Dé hAoine 27 Meitheamh an dáta deiridh iontrála
  • Cuirfear na grianghraif ar taispeáint in An Croí le linn Fhéile Charn Tóchair
  • Tugtar cead do Choiste Forbartha Charn Tóchair na hiontrálacha uilig a chur i bhféilire áitiúil do 2026
  • Ní cheadófar iontrálacha ó ghrianghrafadóirí gairmiúla
  • Coinneoidh na hiomaitheoirí cóipcheart na ngrianghraf a chuirfidh siad isteach. Is ionann iontráil a chur isteach ar an chomórtas agus cead a thabhairt do Choiste Forbartha Charn Tóchair na híomhánna a fhoilsiú agus a chur ar taispeáint.

Dáta

Meith 13 2025
Expired!

Am

All Day

Láthair

An Carn
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org
QR Code
Secret Link