Comórtas Grianghrafadóiareachta
Téama: Séasúir an Phobail
éirigh an dóigh a mbíonn saol an phobail sa cheantar áitiúil ag athrú agus ag bláthú i rith na séasúr. Idir mhúscailt an earraigh, imeachtaí an tsamhraidh, thraidisiúin an fhómhair agus ócáidí cuideachta an gheimhridh, thig le grianghraif nascanna, cultúr, tírdhreach agus eispéiris chomhroinnte i rith na bliana a ghabháil.
Catagóirí: Faoi 16 agus Amaitéaraigh Fhásta
Duaiseanna:
1ú hÁit £50 (Prionta frámáilte de d’íomhá san áireamh)
2ú hÁit £25 (Prionta digiteach frámáilte de d’íomhá san áireamh)
Téarmaí & Coinníollacha
- Ní mór grianghraif a thógáil i gceantar Charn Tóchair agus na bailte fearainn máguaird
- Ní mór gach iontráil a chur isteach i bhformáid dhigiteach le: ainm, uimhir theagmhála, teideal an ghrianghraif agus an áit inar tógadh an grianghraf le Madison.swart@ancarn.org
- Glactar le 2 iontráil an duine
- Is é 5pm *Déardaoin 18 Meitheamh* an dáta deiridh iontrála
- Cuirfear na grianghraif ar taispeáint in An Croí le linn Fhéile Charn Tóchair
- Tugtar cead do Choiste Forbartha Charn Tóchair na hiontrálacha uilig a chur i bhféilire áitiúil do 2026
- Ní cheadófar iontrálacha ó ghrianghrafadóirí gairmiúla
- Coinneoidh na hiomaitheoirí cóipcheart na ngrianghraf a chuirfidh siad isteach. Is ionann iontráil a chur isteach ar an chomórtas agus cead a thabhairt do Choiste Forbartha Charn Tóchair na híomhánna a fhoilsiú agus a chur ar taispeáint.