Club scannán An Coire – CHRISTY

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Club scannán An Coire – CHRISTY

Tá Club scannan An Coire ar ais!

ACHOIMRE

Tá Christy, atá seacht mbliana deag, ag crosbhealach. Caitheadh amach é as a áras altrama sna bruachbhailte agus bogann sé isteach lena dheartháir níos sine, Shane, nach raibh sé ag caint leis, agus a chlann óg. Dar le Shane, is socrú sealadach é seo, ach tosaíonn Christy a mhothú ar a shuaimhneas i gceantar an lucht oibre ar an taobh ó thuaidh de Chorcaigh. Agus é ag déanamh cairdis le daoine, agus ag ligean don phobal éirí mór leis, déanann sé nasc arís leis an am a chuaigh thart trí dhaoine muinteartha a imríonn, is cosúil, tionchar níos measa air, ainneoin iarrachtaí Shane é a chosaint. Tá Shane ag iarraidh rud éigin níos fearr do Christy, is cuma cad é an costas, fiú más gá dó é a bhrú ar shiúl. De réir mar a dhéanann na deartháireacha iarracht achrann eatarthu san am a chuaigh thart a réiteach, tugann a muintir agus an pobal thart orthu ábhar dóchais fá choinne thodhchaí Christy.

Dáta: Dé hAoine 5 Nollaig 2025

Teanga: i mBéarla

Rátáil aoise: 15

Am: 7in

Costas: £4

RÉAMHBHLAISEADH

Tá an taispeáint seo mar chuid de chamchuairt Christy ar fud Thuaisceart Éireann le tacaíocht ó Collective, tionscnamh ó Film Hub NI (BFI Film Audience Network) le daoine a nascadh le scannáin ar dóigh.

le heolas ar dhátaí eile sa chamchuairt a fháil amharc le do thoil ar https://filmhubni.org/now-showing-tags/collective/

Dáta

Noll 05 2025
Expired!

Am

7:00 pm - 10:00 pm

Costas

£4.00

Láthair

An Coire - Ionad Ealaíon
An Coire - Ionad Ealaíon
132B Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire, BT46 5NH
Suíomh Gréasáin
https://www.facebook.com/ancoirearts

Catagóir

QR Code
Secret Link