Ceoltóirí Lúraigh Ranganna Ceoil
Tá taithí na mblianta ag teagascóirí Cheoltóirí Lúraigh agus eagraíonn muid, mar fhoireann, ceardlanna, seisiúin, ceolchoirmeacha agus turais i rith na bliana.
Más spéis leatsa nó le do leanbh ceol traidisiúnta na hÉireann a fhoghlaim, déan teagmháil linn nó tar chuig an chlárú. Bíonn na cineálacha ranganna agus ionad ag brath ar uimhreacha.
Clárú agus an chéad rang:
An Carn: Dé Máirt 13 Eanáir
CLG Watty Graham: Déardaoin 15 Eanáir
(10 Seachtaine)
Am: 7-8:30pm
Ranganna ar fáil: Feadóg Stáin, Banjo, Cairdín, Fidil, Bodhrán, Cláirseach, Giotár Traidisiúnta.
Seiceáil leathanach Facebook Cheoltóirí Lúraigh fá chionne nuashonruithe.