Ceiliúradh Lúnasa i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh – Saor in aisce!

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Díolta amach

Ceiliúradh Lúnasa i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh – Saor in aisce!

Bí linn Dé Domhnaigh an 3 Lúnasa le féile fómhair thraidisiúnta Ghaelach Lúnasa a cheiliúradh. I suíomh álainn Thearmann Dúlra Dhroim nDamh glac páirt i raon ceardlann agus gníomhaíochtaí atá deartha le cuidiú leat a bheith i dteagmháil leis an tsaol nádúrtha.

Tá gach ceardlann saor in aisce le freastal orthu ach caithfear iad a chur in áirithe roimh ré.

Tá tacaíocht chaoin ag an ócáid seo ó Chomhairle Ceantair Lár Uladh

 

10:00-10:45: Ióga amuigh faoin spéir le Laura

Is múinteoir ióga, machnaimh agus aireachais í Laura a bhfuil paisean ó chroí aici fá choinne daoine eile a threorú ar ais chucu féin trí chleachtais talmhúcháin ionchollaithe. Cruthaíonn sí ranganna caomha fairsinge a thugann cuireadh do rannpháirtithe moilliú, tiúnáil isteach, agus athcheangal le gaois dhomhain a gcoirp féin. Faoi inspioráid Roth Ceilteach na Bliana, fíonn Laura téamaí séasúracha agus rithimí domhanbhunaithe isteach ina teagasc, ag tabhair urraim do nádúr timthriallach na beatha, agus na hathruithe caolchúiseacha istigh ionainn agus thart orainn. Don tionól seo, beidh sí ag tairiscint cleachtas séasúrach Inspioráideach le fuinneamh Lúnasa a cheiliúradh agus fáilte a chur roimhe.

 

11:15-13:00: Ceardlann sealgaireachta fiáine

Bí leis an treoraí sealgaireachta Clare McQuillan ó Feasting on Weeds ar eachtra blasta i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh. Bhéarfaidh Clare thú ar shiúlóid chaomh bhreathnaitheach sa cheantar le foghlaim fá na plandaí, na torthaí agus rudaí aoibhne eile an tséasúir agus cad é an dóigh iad a úsáid i do chistin féin. Tá an tsiúlóid seo deartha do thosaitheoirí ar phlandaí fiáine inite, mar sin fiú má mhothaíonn tú nach bhfuil aon réamheolas agat cuideoidh Clare leat eolas úsáideach a fháil ar an dóigh le dornán plandaí agus crann a shainaithint go muiníneach sa tseisiún seo. Críochnóidh an tsiúlóid le solamar séasúrach faoi inspioráid ag a bhfuil le fáil san áit.

 

14:00-16:30: Ceardlann ceiliúrtha Lúnasa

Bí leis an luibheolaí pobail Lauren Cudden (Draíocht Crafts) agus sinn ag cruinniú le chéile le Lúnasa a cheiliúradh agus sinn ag dul isteach sa chéad chasadh eile de roth na bliana. Treorófar thú trí shiúlóid, ag bualadh le crainn agus plandaí agus ag foghlaim fá dtaobh dá míochain, dá ndraíocht agus dá mbéaloideas. Cruinneoimid i searmanas le hómós a dhéanamh do Lúnasa, teagmháil leis an dúlra, agus linn féin, trí mhachnamh, socrú rúin agus deasghnáth.

 

Hourly Schedule

Ceiliúradh Lúnasa i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh

10:00 - 10:45
Ióga amuigh faoin spéir le Laura
11:15 - 13:00
Ceardlann sealgaireachta fiáine
14:00 - 16:30
Ceardlann ceiliúrtha Lúnasa

Dáta

Lún 03 2025
Expired!

Am

10:00 am - 4:30 pm

Láthair

Drumnaph Nature Reserve
Drumnaph Nature Reserve
Suíomh Gréasáin
http://www.drumnaph.org
QR Code
Secret Link