Ceiliúradh ar Oíche Fhéile Eoin

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Ceiliúradh ar Oíche Fhéile Eoin

Leis na mílte bliain, tá tinte á lasadh fá Ghrianstad an tSamhraidh le ceiliúradh a dhéanamh ar an lá is faide sa bhliain, agus dála thinte na Samhna agus na Bealtaine, ba shiombail iad na tinte Ceilteacha seo don chosaint, don torthúlacht agus don íonghlanadh. Ghabh an Chríostaíocht chuici an nós seo ar ball, ag cur brí reiligiúnach leis, agus ó shin i leith tá na tinte seo luaite in Éirinn le Lá Féile Eoin. Leis na céadta bliain, tá tinte á lasadh ar an 23ú lá de Mheitheamh in ómós do Naomh Eoin, agus faoin 18ú agus 19ú haois b’ócáidí sóisialta móra iad na tinte cnámh seo, áit a mbíodh ceol agus rince, agus beannuithe agus deasghnátha faoi choinne na mbarr agus na n-ainmhithe. Chreideadh daoine go gcuirfeadh na lasracha an t-ádh orthu agus go gcosnódh siad iad ar an urchóid. Chuaigh an traidisiún i léig i rith an 20ú haois mar gheall ar athruithe sóisialta agus rialacháin, ach tá i gceist againn an cleachtas ársa seo a athbhunú i mbliana tráthnóna Dé Máirt 23 Meitheamh ag Tearmann Dúlra Dhroim nDamh.

Mar chuid den cheiliúradh, beidh taispeántas/turnaimint coraíocht coiléir agus uillinne againn atá oscailte do gach ball de Yodha. Ina dhiaidh sin cruinneoidh muid le chéile le hamharc ar thine Fhéile Eoin á lasadh don chéad uair leis na blianta fada.

 

Dáta: Dé Máirt 23 Meitheamh

Áit: Droim nDamh

Costas: Saor in Aisce

8 pm: An tine á lasadh i nDroim nDamh le ceol agus Taispeántas / Turnaimint Coraíocht Coiléir agus Uillinne

8.30pm: Scéal na dtinte agus cuid de na traidisiúin a bhaineann leo a hathinsint

10:30pm: An tine á lasadh ar Shliabh Charn Tóchair

Dáta

Meith 23 2026
Expired!

Am

8:00 pm - 11:00 pm

Láthair

Drumnaph Nature Reserve
Drumnaph Nature Reserve
Suíomh Gréasáin
http://www.drumnaph.org

Catagóir

QR Code
Secret Link