Ceardlann Seodra Gloine Chomhleáite d’Aosaigh
Ceardlann Seodra Gloine Chomhleáite d’Aosaigh
le Natasha Duddy
An raibh tú riamh ag iarraidh seodra gloine chomhleáite a dhéanamh? Bhuel, seo do sheans. Trí dhathanna difriúla de ghloine ghearrtha a shrathú, thig leat píosaí galánta seodra a chruthú a chuirfidh maise ar éadaí de chineál ar bith. Is féidir na píosaí seodra seo a dhéanamh le teacht leis na dathanna is fearr leat a chaitheamh. Cruthóidh tú dhá stíl dhifriúil bróistí, ceann le pionna ar a chúl agus ceann le fí trí scairf. Gheobhaidh tú deis fosta sraith chomhoiriúnach siogairlín, cluasán agus fáinne a dhéanamh. Seo do dheis le do chuid seodra sainiúil féin a dhearadh agus a dhéanamh a gcuirfidh cách sonrú ann.
Dé Sathairn 6 Samhain
Am: 1 p.m. – 3 p.m.
Áit: Ionad Ealaíon An Coire