Ceardlann FizzWizzPop, “I can do magic too”
(i mBéarla)
Is draíodóir é FizzWissPop a bhfuil duaiseanna bainte aige, agus a théann ar fud an domhain ag déanamh draíochta.
Sa cheardlann seo déanfaidh rannpháirtithe na nithe seo:
– Foghlaimeoidh siad le taibheoir gairmiúil sa tionscal.
– Foghlaimeoidh siad cad é an dóigh le 4 dhreas iomlána agus éifeachtaí a chur i láthair (gach prapa ar fáil agus ar ardchaighdeán).
– Ag deireadh na ceardlainne iarrthar ar thuismitheoirí amharc ar a leanbh ag déanamh cleas dá rogha féin. Seó beag arna óstáil ag FizzWizzPop.
Ag deireadh na ceardlainne beidh rannpháirtithe ábalta gach rud a d’fhoghlaim siad a thabhairt chun an bhaile agus draíocht a chur i láthair chomh maith.
Fad: 2 uair an chloig (uair agus 30 bomaite ag teagasc agus 30 bomaite de thaispeántas beag draíochta ag an deireadh).
Am: 10am – 12pm
Aois: 7+
Costas: £12