
Ceardlann Feiltbhrait Fhliuch do Dhaoine Fásta (4 seachtaine)
Éascaithe ag an ealaíontóir teicstíle Louisa Kelly
Déan tírdhreach atmaisféarach feiltithe an gheimhridh. I rith an ranga seo foghlaimeoidh tú idir teicnící feiltbhrait fhliuch agus snáthaide agus déanfaidh tú dhá phíosa le glacadh abhaile leat. Cuirfear na hábhair ar fad ar fáil. Tá an rang fóirsteanach do gach leibhéal cumais le sult a bhaint as iontas na holla!!
Dátaí: Dé Céadaoin 25 Eanáir – Dé Céadaoin 15 Feabhra
Amanna: 7-9 i.n
Costas: £40
