Ceardlann Ealaíne Púróg
(i mBéarla) le Naomi Whan
Is é is ealaín púróg ann gníomhaíocht cheardaíochta a bhfuil an-tóir uirthi agus tá na torthaí go hiontach! Tá an oiread sin spraoi ag baint leis, idir bheith ag péinteáil na bpúróg agus na púróga a úsáid le híomhánna éagsúla a dhéanamh. Níl deireadh leis an chruthaitheacht. Beidh tréan smaointe agus inspioráide ag an teagascóir le cuidiú le taitneamh a bhaint as tráthnóna réchúiseach spraíúil, agus imeoidh tú leat le pictiúr álainn frámáilte ealaíne púróg le crochadh ar do bhalla nó le bronnadh. Sa phraghas tá na hábhair, na uirlisí agus na treoracha go léir san áireamh!
Dé Sathairn an 1 Feabhra
Am: 1-4pm
Áit: An Coire
Costas: £25 (ábhair san áireamh)
Aois 18+