Ceardlann Coirceog Lomáin don Bheachaireacht Nádúrtha
**DÍOLTA AMACH**
Ceardlann dhá lá i ndéanamh coirceog lomáin, mar a bhfoghlaimeoidh na rannpháirtithe na scileanna lena gcoirceog lomáin féin a dhéanamh, coirceog speisialta atá i gcosúlacht áras nádúrtha na beiche meala. Foghlaimeoidh tú fosta faoi shaol na beiche meala agus a coilíneachta. Beidh páirt ghníomhach agat i ndéanamh do choirceoige féin le tabhairt ‘na bhaile leat fá choinne do ghairdín, rud a bheas ina chuidiú i dtaca le caomhnú na mbeach meala in Éirinn.
Dáta: Dé Sathairn an 26 agus Dé Domhnaigh an 27 Feabhra
Am: 10 r.n. – 4 i.n.
Éascaitheoir: Boomtreebees
Láthair: Tearmann Dúlra Dhroim nDamh
Costas: £75 (lón san áireamh)
NÍ MÓR ÁITEANNA A CHUR IN ÁIRITHE FAOIN LUAN AN 14 FEABHRA.