Ceardlann ar chlog gloine comhleáite
Éascaitheoir: Natasha Duddy
Trí Bhéarla
An bhfuil an dúspéis agat san am? Mar sin cad chuige nach gcruthaíonn tú do chlog balla féin atá uathúil agus daite. Le linn na ceardlainne seo foghlaimeoidh tú teicnící comhleáite gloine le cuidiú leat píosa ealaíne a dhearadh agus a chruthú a thabharfaidh ar gach duine stad san am le sult a bhaint as. Sa cheardlann seo le Natasha Duddy, foghlaimeoidh tú scileanna gearrtha gloine agus líomhnaithe gloine, le cuidiú leat do shárshaothar a chruthú.
Ag úsáid meascán de dhathanna roghnaithe thig leat roghnú ó ghloine dhoiléir nó thrédhearcach agus meascán de fhriotaí agus de theaghráin. I ndiaidh an phróisis comhleáite, déanfaidh Natasha poill a dhruileáil do na meicníochtaí láimhe agus an feistiú a ghreamú den chúl, ionas nach mbeidh le déanamh agat ach a roghnú cá gcrochfaidh tú do chlog go mbainfidh gach duine taitneamh agus sult as.
Níl réamhthaithí de dhíth.
Láthair: An Coire
Am: 6.30 – 9.30pm
Costas: £55