Cártaí Nollag líonóilphriontála
(i mBéarla) le Madison Swart
Bí linn fá choinne ceardaíocht Nollag, nuair a gheobhaidh tú áiméar do chártaí Nollag féin a dhéanamh ag úsáid líonóilphriontála!
Taispeánfaidh Madison duit an próiseas líonalphriontála, do dhearadh a shnoí ar bhloc líonóilphriontála, a ndéanfaidh tú ansin dúch a rolladh orthu agus do dhearaí a aistriú go cártaí le cur chuig do chairde agus gaolta uilig!
Tá fáilte agus fiche romhat do dhearaí féin a thabhairt leat le snoí, nó roghnú ó dhearaí ar an lá.
(Gach ábhar san áireamh. Moltar duit éadaí a chaitheamh nach miste leat a shalú nó naprún a thabhairt leat).
Dáta: Dé Sathairn 19 Samhain
Am: 1 – 4pm
Aois: 16+
Costas: £15