
Bus chuig Mórshiúil “An Lá Dearg” // Bus to “An Lá Dearg” March
Tá ceist Cearta Teanga, ceist Acht na Gaeilge, le réiteach go fóill. Tá gach duine de dhíth.
Beidh muid ag siúil ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar 12in a fhad le Halla na Cathrach, áit a mbeidh léiriú dearfach, soiléir ón phobal le feiceáil. Is Saol Trí Ghaeilge atá Uainn! Cearta, Cothromas, Cóir.
Beidh An Carn ag eagrú bus chuig an ócáid. Beidh fáilte roimh bhaill Chlub Óige Charn Tóchair agus beidh fáilte roimh theaghlaigh ar an bhus.
Beidh an bus ag fágáil ó An Carn ar 11.15am agus ag pilleadh chuig An Carn ar 5pm. Ní bheidh costas le dul ar an bhus. Ní mór do gach duine lón pacáilte a thabhairt leo.
Beidh t-léinte dhearga ar fáil le ceannach
Ní mór áiteanna ar an bhus a chur in áirithe roimh Dé Céadaoin 18 Bealtaine
