Bus chuig Mórshiúil “An Lá Dearg” // Bus to “An Lá Dearg” March

Moltaimid chun cuntas a chruthú chun an próiseas seiceála a shimpliú; ar an dóigh seo, líonfaidh roinnt do chuid eolais go huathoibríoch, rud a chuirfidh luas le do thransaicí. Cliceáil ANSEO chun do chuntas a chruthú.

Bus chuig Mórshiúil “An Lá Dearg” // Bus to “An Lá Dearg” March

Beidh mórshiúil “An Lá Dearg” i mBéal Feirste ag imeacht ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich go dtí Halla na Cathrach Dé Sathairn 21 Bealtaine. Tá an mórshiúil seo eagraithe le cearta do phobal na Gaeilge a éileamh ón rialtas.

Tá ceist Cearta Teanga, ceist Acht na Gaeilge, le réiteach go fóill. Tá gach duine de dhíth.
Beidh muid ag siúil ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar 12in a fhad le Halla na Cathrach, áit a mbeidh léiriú dearfach, soiléir ón phobal le feiceáil. Is Saol Trí Ghaeilge atá Uainn! Cearta, Cothromas, Cóir.
Beidh An Carn ag eagrú bus chuig an ócáid. Beidh fáilte roimh bhaill Chlub Óige Charn Tóchair agus beidh fáilte roimh theaghlaigh ar an bhus.
Beidh an bus ag fágáil ó An Carn ar 11.15am agus ag pilleadh chuig An Carn ar 5pm. Ní bheidh costas le dul ar an bhus. Ní mór do gach duine lón pacáilte a thabhairt leo.

Beidh t-léinte dhearga ar fáil le ceannach
Ní mór áiteanna ar an bhus a chur in áirithe roimh Dé Céadaoin 18 Bealtaine

Dáta

Beal 21 2022
Expired!

Am

11:15 am - 5:00 pm

Láthair

An Carn
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code