Buntús snoíodóireachta adhmaid

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Buntús snoíodóireachta adhmaid

(i mBéarla) le Steven Ryan, Green Woodwork Ireland

Ar mhothaigh tú riamh áilleacht agus línte éasca saothair snoíodóireachta adhmaid agus ar shíl gur rud í ba mhaith leat a thriail? Sa bhunrang snoíodóireachta adhmaid seo le Stephen Ryan teagascfar duit na scileanna atá de dhíth le snoíodóireacht rilífe a dhéanamh agus saothar de do chuid féin a thabhairt leat chun an bhaile. Foghlaimeoidh tú fá ghnéithe uathúla an adhmaid, fá shiséil snoíodóireachta adhmaid agus a gcruthanna agus a méideanna go léir agus an dóigh lena n-úsáid go sábháilte agus go héifeachtach. Tá an rang foirfe daofa siúd atá ag iarraidh triail a bhaint as rud éigin nó a scileanna nuaaimsithe a thabhairt go dtí an chéad leibhéal eile. Cuirfidh an teagascóir ar fáil raon de shaothair snoíodóireachta adhmaid le roghnú. Níl aon taithí de dhíth. Níl aon taithí de dhíth. Cionn is uirlisí géara a bheith in úsáid le linn an ranga, caithfear buataisí nó bróga láidre a chaitheamh. Níl bróga barroscailte ná ísle fóirsteanach agus féadfar nach mbeidh tú ábalta páirt a ghlacadh sa cheardlann mar gheall orthu. Cuirfidh an teagascóir miotóga sábháilteachta ar fáil, ach má tá miotóga teanna de do chuid féin agat beidh fáilte romhat iad a thabhairt leat.

Dé Sathairn an 15 Feabhra

Am: 10am-5pm
Áit: An Coire
Costas: £65 (le hábhair san áireamh)
Aois: 18+

Dáta

Feabh 15 2025
Expired!

Am

10:00 am - 5:00 pm

Costas

£65.00

Láthair

An Coire
An Coire, 132A Bóthar Tír Chiana, Machaire Rátha

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code