Buntús 4 seachtaine damhsa seit
Tá an cúrsa damhsa seit 4-seachtaine a bhí le toiseacht ar an 8 Eanáir curtha siar mar gheall ar an drochaimsir.
Cúrsa 4 seachtaine ar chostas £20 a bheas i gceist agus beidh sé á reáchtáil ón 29 Eanáir go dtí 19 Feabhra, 7.30pm – 9pm.
Níl taithí na páirtí de dhíth ort le páirt a ghlacadh. Tóg amach do bhróga damhsa agus bígí linn!
Is mór duit áit a chur in áirithe go luath – is féidir clárú ar líne ag www.ancarn.org nó F:02879549978.
– – –
(i mBéarla) le Pauline O’Kane
Tá an cúrsa damhsa seit seo deartha le do chur suas agus a bhogadh san athbhliain! Fóirsteanach do ghlantosaitheoirí agus daofa siúd a bhfuil damhsa seit déanta acu roimhe seo. Foghlaim damhsaí le ríleanna, poirt, polcaí, sleamhnáin agus cornphíopaí. Níl aon taithí de dhíth, níl comhpháirtí de dhíth. Ní iarraimid ort ach bróga cothroma a bhfuil bonn leathair orthu, buidéal uisce agus aigne oscailte a thabhairt leat. Cuideachta ar dóigh a bheas ann! Am: 7.30pm – 9pm
Áit: An Coire
Costas: £20 (le hábhair san áireamh)
Aois: 16+ (bliana d’aois, caithfidh duine fásta a bheith i gcuideachta duine ar bith faoi 18).