Buntreoir ar mhósáic

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Díolta amach

Buntreoir ar mhósáic

(i mBéarla) le Shauna McCann

 

An bhfuil tú ag iarraidh do thráidire tae nó seastán taephota féin a dhéanamh?
Goitse chuige an cheardlann bheoga seo a amharcfaidh ar theicníc álainn na mósáice.

Le linn na ceardlainne thig le rannpháirtithe roghnú as measc rogha dearthaí nó a bpatrún uathúil féin a chruthú. Is cuma má tá dúil agat i mbláthanna geala, beacha agus feithidí aigeanta, nó pléascthaí beoga datha, beidh an deis agat do phearsantacht a chur isteach i do shaothar. Faoi dheireadh an tseisiúin beidh féirín álainn praiticiúil agat le tabhairt abhaile, réidh le cur ar taispeáint agus le sult a bhaint as. Tabhair do d’aire le do thoil, cé go mbeidh do mhósáic réidh le tabhairt abhaile láithreach, beidh giota ama de dhíth lena thriomú sular féidir é a úsáid, agus caithfear snas a chur air.

 

📆Dáta: Dé Sathairn 3 Deireadh Fómhair
🕙Am: 1 – 4pm
📍Ionad: An Coire
💷Costas: £25 (le hábhair san áireamh)
🕺Aois: 18+

Dáta

D. Fómh 03 2026
Expired!

Am

1:00 pm - 4:00 pm

Costas

£25.00

Láthair

An Coire
An Coire, 132A Bóthar Tír Chiana, Machaire Rátha

Catagóir

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code
Secret Link