Buntreoir ar chlódóireacht chianachló
(i mBéarla) le Ruth Osborne
Sa cheardlann seo tabharfar buntreoir duit ar an phróiseas cianachló. Ag úsáid raon de dhuilliúr áitiúil cruthóidh tú priontálacha uathúla ar pháipéar agus éadach.
Foghlaimeoidh rannpháirtithe níos mó fán dóigh le raon d’éifeachtaí spraíúla a chruthú ag úsáid próisis chianachló thirime agus fhliucha agus fágfaidh tú le rogha saothair ealaine.
Dáta: Dé Sathairn 12 Meán Fómhair
Am: 10:30am – 1:30pm
Ionad: An Coire
Costas: £35 | £30 Lacáiste (Os cionn 60 & Dífhostaithe) – le hábhair san áireamh
Aois: 18+