Beo: Sinèad NicCionnaith
Is as Eochair, Co. Thír Eoghain don seinnteoir iluirlisí Sinéad McKenna, agus léiríonn a céad albam Faoi Lán Ceoil a máistreacht ar an fhidil. Ceanglaíonn a hamhránaíocht, i nGaeilge agus i mBéarla le chéile línte binne taibhseacha le cóirithe suimiúla amhrán traidisiúnta. Tá lear bonn uile-Éireann aici ó Fhleadh Cheoil na hÉireann, agus bhain sí an comórtas mór le rá Comórtas Fidleoireachta Idirnáisiúnta Ed Reavy, agus tá an ceoltóir seo a bhfuil gealladh fúithi i ndiaidh a bheith ag seinm ar fud na hÉireann, na hEorpa, na Stát Aontaithe agus Dhubai, agus sheinn sí ag mórimeachtaí Fhéile Ceoil Thraidisiúnta Bhéal Feirste agus Fhéile Phádraig Uí Chaoimh. Ar an oíche, beidh Micky Fearon (giotár), Rachel Masterson (pianó) agus aoi speisialta na hoíche, Peter McKenna le Sinéad.
Beár teoranta ar fáil
Dé Sathairn an 1 Feabhra
Doirse: 8pm
Áit: An Coire
Ticéad£12 (+ taille airithinte)