Beo: Nollaig Casey, Niall McCabe & Mike McGoldrick

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Beo: Nollaig Casey, Niall McCabe & Mike McGoldrick

I ndiaidh camchuairt rathúil Líonra Ceoil tá na trí ealaíontóir iontacha seo i ndiaidh caidreamh ceoil a chruthú atá ann taobh amuigh den stáitse. Sa ghrúpa seo tá an seinnteoir iomráiteach fidle agus vióla Nollaig Casey, duine de na réaltaí is mó ag teacht chun chinn i saol an daoncheoil, an giotáraí agus amhránaí Niall McCabe, agus an seinnteoir iluirlisí dosháraithe Mike McGoldrick.

Tá Nollaig Casey ar dhuine de na ceoltóirí is tréithí agus ilghnéithí in Éirinn, a bhfuil aithne uirthi mar gheall ar a fuaim shuaithinseach agus a stíl imeartha atá inaitheanta lom láithreach. D’oibrigh sí le slua ealaíontóirí clúiteacha, lena n-áirítear Enya, Van Morrison, Sinéad O’Connor, Mary Black, Christy Moore agus Sharon Shannon. Mar bhall de na bannaí ceannródaíocha Coolfin agus Planxty tá a tionchar ar an cheol Ghaelach buan.

Tá glór meallacach ag Niall McCabe sa daoncheol chomhaimseartha, amhránaí agus ceapadóir amhrán ó Chliara, Contae Mhaigh Eo, ag meascadh tionchair Cheilteacha agus Mheiriceánacha le glórtha tochtmhara agus liricí coscracha. Agus céadalbam aige a fuair ardmholadh, Rituals, agus an dara halbam, Stranger, ar na bacáin i mí na Bealtaine 2025, léiríonn ceol McCabe fiosrú domhain ar ghrá, caillteanas agus teacht aniar. Moltar a thaispeántais bheo as a scéalaíocht thochtmhar agus a uirlisí ceoil saibhre. Sheinn Niall den chéad uair ag an Grand Ole Opry agus beidh sé ag pilleadh ar Nashville do Americanfest níos moille i mbliana.

Bhí Mike McGoldrick mar Cheoltóir na Bliana de chuid Ghradaim Daoncheoil BBC, agus is cumadóir tréitheach é, ina mháistir ar an fhliúit adhmaid, na feadóga ísle agus an phíb uilleann. Bíonn mórán ealaíontóirí á lorg le seinm leo. Tá sé ag comhoibriú le Mark Knopfler ó 2009 i leith agus is croíbhall é de na Seisiúin Thrasatlantacha.

Nollaig Casey: fidil agus vióla

Niall McCabe: glór agus giotár

Mike McGoldrick: fliúit, píb uilleann, feadóga

Ná cail amach ar an oíche iontach siamsaíochta seo!

 

Dé hAoine 26 Méan Fómhair

AM: 8pm

Ticéid: £17 (tá an táille áirithinte san áireamh)

Beár teoranta ar fáil.

Dáta

M. Fómh 26 2025
Expired!

Am

8:00 pm - 10:30 pm

Costas

£17.00

Láthair

An Coire - Ionad Ealaíon
An Coire - Ionad Ealaíon
132B Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire, BT46 5NH
Suíomh Gréasáin
https://www.facebook.com/ancoirearts
QR Code
Secret Link