Beo: Cailíní Uí Éinrí
“Tá sé doiligh argáil le glaineacht na nglórthaí agus leis an chumas ceoil gan locht” – Hot Press
Tríréad iontach deirfiúracha ó Mhálainn, Co. Dhún na nGall, agus tig a gcomhcheol tríchodach ón dáimh atá acu mar dheirfiúracha chomh maith lena seanstair cheoil. Tá siad ar stáitsí le fiche bliain agus meascann siad a dtraidisiúin ó dhúchas gan cháim le bluegrass, snagcheol agus ceol tuaithe, agus tá siad ar cheann de na grúpaí ceoil tíre is fearr atá ag teacht chun cinn. Fíonn a gcomhcheol snáth álainn trína gcuid ceoil, le tionlacan den chuid is mó ón chláirseach. Cuireann Cailíní Uí Éinrí lucht éisteachta faoi dhraíocht ar stáitsí ar fud an domhain, agus iad i ndiaidh camchuairt a dhéanamh sa Ghearmáin, sna Stáit Aontaithe, sa tSualainn, san Iodáil, san Eilbhéis, san Ísealtír, san Ostair agus sa Ríocht Aontaithe, agus tá rath tráchtála agus moladh léirmheastóirí faighte acu.
Beár teoranta ar fáil.
Dé Sathairn an 29 Márta
Doirse: 8pm
Áit: An Coire
Ticéid: £15 (+ booking fee)