An Chloch Nirt – tógáil Chloch Shuí Finn

Moltar duit cuntas a chruthú le ceannach na dticéad a éascú. Cliceáil ANSEO le do chuntas a chruthú.

Díolta amach

An Chloch Nirt – tógáil Chloch Shuí Finn

Tá David Keohan ag tabhairt cuairte orainn i rith Fhéile Charn Tóchair le Cloch Shuí Finn a thógáil. Le blianta anuas, tá David ag déanamh taighde ar chultúr nirt a bhí caillte in Éirinn agus á athbheochan, an cultúr a bhain le tógáil na gcloch nirt.

Ba chuid de thraidisiún sóisialta an náisiúin iad na clocha nirt seo ar feadh na gcéadta bliain, agus bhítí á dtógáil ag cluichí tórraimh, searmanais bhainise, féilte fómhair, laethanta pátrúin agus céilithe croisbhealaigh. Ba ghnách iad a thógáil in ómós d’athrú na séasúr agus in ómós do na Déithe, idir shean agus nua. Bhain an nós le stádas sóisialta, le gnásanna teacht in inmhe, agus le héachtaí gaisce agus nirt. Tá David anois ag athbheochan na nósanna, na scéalta agus na bhfinscéalta seo. Trí na clocha móra seo a thógáil, táthar ag ceangal leis an am atá thart ar bhealach fisiciúil inbhraite,

ár dtástáil féin mar a dhéanadh ár sinsir. . . .

** Talamh éagothrom, le 20 bomaite de shiúl chuig an láthair. Cros ar mhadraí Bróga cuí de dhíth **

Ag teacht le chéile ag An Carn @ 6.45, agus beidh mionbhus ag tabhairt na rannpháirtithe chuig an láthair. Is gá áirithint a dhéanamh. Ní mór áit a chur in áirithe.

Dáta

Iúil 08 2024
Expired!

Am

7:00 pm - 9:00 pm

Costas

Saor in aisce

Láthair

An Carn
Suíomh Gréasáin
https://www.ancarn.org

Eagraí

An Carn
Guthán
02879549978
Ríomhphost
info@ancarn.org
QR Code
Secret Link