Aifreann Gaeilge ag Carraig Aifrinn Ghreanacháin & Caint Staire ag Sean-Eaglais Ghreanacháin
(Aifreann i nGaeilge, Caint Staire Dátheangach)
Bóthar Mhuine Searbháin, Baile an tSuaitrigh
Bí linn leis an Aifreann a cheiliúradh i nGaeilge agus le foghlaim ina dhiaidh sin faoin stair a bhaineann leis an láthair seo leis an staraí, Déaglán Ó Doibhlin. Cupán tae agus sólaistí ar fáil.
Páirceáil sa pháirc in aice láimhe
Fág suas le 15-20 bomaite siúil idir an áit pháirceála agus an Charraig Aifrinn
NB: Talamh éagothrom ar an bhealach isteach; cúram agus bróga cuí inmholta