4 Days in Derry
Arna chur i láthair ag Movers & Shakers:
4 Days in Derry – A Woman’s Story léirítear imeachtaí tragóideacha Dhomhnach na Fola trí shúile ban muinteartha do na trí íospartach déag shointeanta a scaoil trúpaí Briotanacha chun báis ar shráideanna Dhoire ar an 30 Eanáir 1972.
Daofa siúd a bhí i láthair ag an ainghníomh, agus daofa siúd a mhair fríd an am ina dhiaidh, tá tionchar uafásach na brúidiúlachta a imríodh ar shaoránaigh Dhoire a bhí ag siúl ar son cearta sibhialta le mothú go fóill corradh is caoga bliain i ndiaidh an lae uafásaigh sin.
Ag díriú ar na ceithre lá thart timpeall ar Dhomhnach na Fola agus bunaithe ar fhíorchuntais mhná céile, mháithreacha, dheirfiúracha agus iníonacha na dtrí fhear déag a dúnmharaíodh, tugann an grúpa drámaíochta Movers & Shakers cuntais fhíorphearsanta agus choscracha na mban agus na gcailíní a d’fhulaing an caillteanas is troime.
Tá a scéalta lán péine, feirge agus teacht aniar. Lán bróin a bhí, in amanna, gan sonrú. Lán grá chomh fíochmhar sin go raibh an caillteanas dofhuilste.
Is scéalta iad nár insíodh ‑ go dtí anois
Arna scríobh agus a stiúradh ag Bernadette MacFarland
léirthe: Dé hAoine 9 Eanáir & Dé Sathairn 10 Eanáir
Doirse: 7:30pm
BEÁR AR FÁIL