
Laindéir Nollag Gloine Chomhleáite
Laindéir Nollag Gloine Chomhleáite
le Natasha Duddy
Scaoil le do chruthaitheacht agus dear do laindéar Nollag gloine chomhleáite féin. Roghnaigh íomhá Nollag agus múinfidh ár n-oiliúnóir, Natasha Duddy, duit na scileanna atá de dhíth le do dhearadh a chruthú ag úsáid gloine ghearrtha, ribíní gloine agus friotaí gloine. Déanfar do phainéil laindéir a chomhleá san áith ansin agus a athshuí i laindéar geal a thig leat a úsáid gach Nollaig sa bhaile nó a thabhairt mar bhronntanas do dhuine speisialta éigin.
Dé Sathairn 13 Samhain
Am: 10 a.m. – 1 p.m.
Áit: Ionad Ealaíon An Coire
Costas: £30.00
