Seoid i bhfolach ag bun Shliabh Speirín
Tá na tithe seo fíorálainn agus fóirsteanach do theaghlaigh. Tá troscáin ghalánta agus gach áis iontu, agus lóistín ceithre réalta ar fáil iontu.
Tá trí sheomra leapa i dTeach Loch Bran agus i dTeach Shuí Finn, agus tá áiseanna en suite in dhá sheomra sa dá theach. Tá spás codlata ann d’ochtar i ngach teach acu, le seomra dúbailte, seomra do bheirt agus seomra do thriúr. Mar gheall ar an doras eatarthu tá solúbthacht ann do ghrúpaí nó páirtithe níos mó an dá theach a úsáid mar aonad amháin.