Chomh maith le seomraí agus áiseanna comhdhála in an Carn, tá spás mór ilfheidhme againn sa Choire ar féidir é a leagan amach i bhformáidí difriúla le spás a thabhairt do suas le 220 duine i leagan amach amharclainne. Is spás ar dóigh é seo do chomhdhálacha a bhfuil freastal mór orthu agus imeachtaí eile mar cheolchoirmeacha, taispeántais, scannáin agus a lán lán eile. Is féidir é a leagan amach do suas le 160 duine fá choinne ócáid speisialta ar bith.
Tá raon leathan áiseanna againn, tréan spáis páirceála ar an láthair, agus thig linn lónadóireacht a chur ar fáil le freastal ar gach blas, buiséad agus riachtanas bia tríd an chaifé ar an láthair, an Croí. Is féidir trealamh breise a chur ar fáil ar iarratas, lena n-áirítear teilgeoirí, ríomhairí glúine agus smeach-chairteacha.