Áiseanna ar Cíos

Tá lúcháir ar Choiste Forbartha Charn Tóchair raon leathan áiseanna agus seirbhísí a chur ar fáil do bhaill den phobal, eagraíochtaí deonacha, scoileanna, soláthraithe oideachais agus gnólachtaí.

Suite ag bun Shliabh Charn Tóchair i Sliabh Speirín, tá muid in áit áisiúil díreach taobh le Bearna Ghleann Sheáin taobh amuigh de Mhachaire Rátha. Tá an Carn i láthair lárnach ar dóigh, leath bealaigh idir Béal Feirste agus Doire agus níos lú ná uair an chloig ó Ard Mhacha, an Ómaigh agus an cósta thuaidh. Tugann an raon áiseanna atá ar fáil deis ar leith d’úsáideoirí raon seirbhísí dátheangacha a fháil i láthair thuaithe fhíorálainn.