Tionscnamh nua Gaeilge- Labhair Gaeilge Liom

Ar an tseachtain seo chaite seoladh tionscnamh nua Gaeilge ag cur chun cinn úsáid na Gaeilge i saol an uile lae dar teideal Labhair Gaeilge Liom i ngnólachtaí áitiúla i Machaire Rátha.

Bhí an méid seo le rá ag Joe Ó Dochartaigh, Oifigeach Pleanála Teanga in An Carn,

“Dar le Daonáireamh 2021, tá eolas ar an Ghaeilge ag 25% de dhaoine i Machaire Rátha agus sna ceantair máguaird, ó chúpla focal go dtí líofacht iomlán. Ba mhaith linne in An Carn níos mó aitheantais a thabhairt don 25% sin trí níos mó deiseanna a thabhairt do gach duine a gcuid Gaeilge a úsáid. Déanfaidh Labhair Gaeilge Liom seo trí úsáid laethúil na Gaeilge a chur chun cinn i ngnólachtaí áitiúla timpeall an bhaile mhóir.

Mar chuid de Labhair Gaeilge Liom beidh faill ag fostaithe i siopaí áitiúla suaitheantas a chaitheamh ag taispeáint gur Gaeilgeoirí líofa iad. Thig le duine ar bith cibé leibhéal Gaeilge atá acu a chleachtadh leo, cibé acu atá cúpla focal acu, comhrá meánleibhéil nó líofacht. Is é atá le feiceáil againn anois an fíor-athréimniú teanga, gnáthdhaoine ag déanamh a ngnó agus iad ábalta é a dhéanamh trí Ghaeilge. Seo bun agus barr Labhair Gaeilge Liom, daoine agus a dteanga a cheiliúradh.”

Agus é ar cheann amháin de 5 cheantar go díreach ar fud na hÉireann a bhfuil aitheantas acu mar cheantar Líonra Gaeilge, tá Carn Tóchair ar thús cadhnaíochta le mórán tionscadail éagsúla, agus is dul chun cinn é nach féidir a shéanadh an fás in úsáid na Gaeilge i Machaire Rátha.

Tá an Carn tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge i bpobail áitiúla, agus déanann an tionscnamh nua seo cur chun cinn na Gaeilge infheicthe agus an teanga féin inrochtana.
Má tá gnólacht áitiúil agat agus más spéis leat páirt a ghlacadh, déan teagmháil le An Carn, le do thoil ag 028 79549978 nó joe.odoherty@ancarn.org.