Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Domhnach na Slat 10am
Siúlóid ar An Charn i gcuimhne ar Thomas Ó Caiside Ar son Scoláireachtaí Gaeltachta do scoláirí áitiúla atá ag foghlaim na Gaeilge!
Tá neart scríofa faoi ghaiscí Thomas agus tá eolas ag gach duine sa cheantar cé chomh mór agus a rinne Thomas le féiniúlacht chultúrtha nua-aoiseach agus bríomhar a chruthú do cheantar Chairn Tóchair / Shleacht Néill – féiniúlacht bunaithe ar an ghrá a bhí aige don teaghlach, do phobal, sport, an Ghaeilge, ceol & damhsa tradisiúnta agus traidisiúin áitiúla ar nós an siúlóid ar Charn Tóchair ar Domhnach na Slat
Imeacht neamhfhoirmeálta a bheas ann, seans le bualadh le cairde agus teaghlach, le tradisiún tábhachtach áitiúil a a choinneáil beo, agus seans chun machnamh a dhéanamh ar shaol Thomas agus le hairgead a bhailiú ar son cúis a bhí an-ghar dá chroí.
*Bailigh ag carrchlóis an tsléibhe, bóthar Thír Chiana*
Scaip an scéal
Fáilte roimh chách!!