Seoladh d’Aip Ghaeilge do Pháistí : A hAon, a Dó, a Trí

Tá sé ráite go minic gurb é an bealach is éasca teanga fhoghlaim ná tríd amhráin. Ar an dóigh sin, tá aip úrnua cruthaithe ag Conradh na Gaeilge Charn Tóchair, le beochana de rainn agus amhráin do pháistí.

 

Bhí an aip seolta go hoifigiúil ag an Leas-Chathaoirleach, Comhairle Lár Uladh, Christine Mc Flynn.  Bhí Niall Comer, Uachtarán Conradh na Gaeilge i láthair ag ócáid in An Coire Ionad Ealaíona. Labhair sé faoin thábhacht tionscadal mar seo, le cuidiú le Gaeilge a chur in athréim an phobail arís.

 

Tháinig páistí i Rang 2 trasna ó Bhunscoil Naomh Bríd. Bhí na 10 rainn agus amhráin a thaispeáint dóibh ar an scáileán mór agus bhain siad an oiread sin sult as.

 

Tá dearadh simplí ar an aip agus tá 10 amhrán agus rann léirithe uirthi. Tá an aip fóirsteanach ní amháin do mhúinteoirí agus ceannairí naíscoile, ach do theaghlaigh ag tógáil clainne le Gaeilge agus do thuismitheoirí agus cúramóirí ar bheagán nó gan Ghaeilge ar mian leo foghlaim lena bpáiste. Seo dóigh iontach tuilleadh Gaeilge a thabhairt isteach ar do theach agus do thuismitheoirí agus do pháistí na rainn agus amhráin a fhoghlaim agus a cheol le chéile.

Bhí an tionscadal maoinithe ag Foras na Gaeilge agus Comhairle Lár Uladh. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leo as creidiúint sa smaoineamh seo, lenár rannpháirtithe uilig, achan duine a chuidigh leis na rainn agus amhráin a phiocadh agus a rá.

 

Tá an aip saor in aisce ar fáil le híoslódáil ar Android agus Apple tríd Google Play Store agus Apple i-Store.

https://apps.apple.com/gb/app/haon-do-tri/id1563628497