Seachtain na Gaeilge

Féile na Gaeilge agus an Chultúir – Tá imeachtaí ann fóirsteanach do chách!

Seachtain na Gaeilge – is féile í a mhaireann coicís de gnáth, ó thús mhí an Mhárta suas go dtí Lá Fhéile Pádraig. Le linn na féile beidh réimse gníomhaíochtaí a dhéanann ceiliúradh ar an Ghaeilge agus ar an chultúr agus beidh imeachtaí fóirsteanach do chách.

Cuireadh tús iontach leis an fhéile i mbliana le ceolchoirm, Ceol na Síog, do Ghaelscoileanna le Gráinne Holland a raibh eagraithe ag Comhairle Lár Uladh.

Ar ais arís beidh Spraoi na Scoileanna ann – ócáid speisialta a bhí a eagrú ag An Carn le roinnt bliana do scoileanna sular raibh Covid ann. Beidh gníomhaíocht dhátheangach ann a bheas fóirsteanach do scoileanna Béarla agus gníomhaíocht eile trí Ghaeilge a bheas fóirsteanach do Ghaelscoileanna. Is féidir leis na scoileanna a bheith ag dúil le seó idirghníomhach, spleodrach le Cleamairí Feirste.

I mbliana beidh dhá dhianchúrsa Gaeilge ann. .

Beidh cúrsa 5 leibhéal ann do dhaoine fásta ag freastal ar gach cumas Ghaeilgeora ó ghlantosaitheoirí fríd go cainteoirí líofa, Dé Sathairn 12ú Márta ó 10am – 3pm. Beidh Rang Cruinnis ann, an leibhéal is airde, fóirsteanach do chainteoirí líofa ar mhaith leo snas a chur ar a gcuid gramadach. Ní mór áiteanna a chur in áirithe ar líne www.ancarn.org/whats-on faoin Dhéardaoin 10ú Márta toisc go bhfuil líon teoranta áiteanna ann.

Beidh cúrsa eile ar leith dírithe ar déagóirí, Cúrsa Ullmhúcháin do GCSE Irish /AS & A2 Leibhéal Gaeilge, Dé Sathairn 26úMárta ó 10am-3pm. Ní mór áiteanna a chur in áirithe ar an chúrsa seo ar líne www.ancarn.org/whats-on faoi Dé Céadaoin 23ú Márta.

Dé Domhnaigh 13ú Márta ar 1pm, beidh imeacht SAOR IN AISCE ar siúl do theaghlaigh leis na haisteoirí atá an-chumasacha agus greannmhara, na Cleamairí Feirste. Tá an seó seo iomlán foirfe do theaghlaigh le Gaeilge agus teaghlaigh a bhfuil páistí acu sa Naíscoil agus sa Bhunscoil nó Gaelscoil. Beidh an seó trí Ghaeilge ar an chuid is mó, ach beidh sé idirghníomhach agus spleodrach don teaghlach ar fad.

Tráthnóna Dé Domhnaigh sin, an 13ú Márta ar 6.30pm, beidh taispeántas ann den scannán scéinséir trí Ghaeilge, “Doineann” ar an scáileán mór. I ndiaidh an scannán beidh deis ag daoine fáil amach faoin dóigh a raibh an scannán déanta nó ceist ar bith eile a mbeadh agat, le linn C&F le Damian Mc Cann, stiúrthóir agus Sorcha Nic Giolla Mhuire, eagarthóir. Is féidir ticéad (£5) don ócáid seo a cheannach ar líne ar www.ancarn.org/whats-on

Dé Sathairn 19ú Márta, beidh oíche Ghaelach ann. Fillfidh Clann Mhic Ruairí i gceolchoirm go dtí An Coire ar 8pm. Beidh rogha ann de bhéile blasta 3 chúrsa de théama Gaelach in An Croí Teach Chaife agus Bistro roimh an cheolchoirm. Béile: £20.95 nó Béile & Ceolchoirm: £30.00 Is féidir tuilleadh eolais agus ticéad a chur in áirithe ar www.ancarn.org/whats-on

Ba mhór linn ár maoinitheoirí Comhairle Lár Uladh, Conradh na Gaeilge, agus Foras na Gaeilge, a aithint as a gcuid maoinithe agus tacaíochta a chuidigh linn an clár imeachtaí den scoth seo a sholáthar.

Más mian leat tuilleadh eolais agus le gach cúrsa nó imeacht a chur in áirithe gabh chuig www.ancarn.org/whats-on