Samhain 2021

Samhain 2021

Dáta: Dé Sathairn 23 & Dé Domhnaigh 24 Deireadh Fómhair

Am: Dé Sathairn – 6pm – 9pm Dé Domhnaigh – 6pm – 9pm

Costas: £7.50 (páistí faoi 2 saor in aisce)

 

**NÍ MÓR ÁIRITHINT A DHÉANAMH @ ancarn.yapsody.com**

 

Dé Sathairn 23 agus Dé Domhnaigh 24 Deireadh Fómhair, tiocfaidh beocht i dTearmann Dúlra Dhroim nDamh san oíche le ceiliúradh a dhéanamh ar an fhéile Cheilteach, Samhain. Ba ghnách lenár sinsir an tSamhain a cheiliúradh mar dheireadh an fhómhair agus tús ‘leath dhorcha’ na bliana. Bíonn ceiliúradh traidisiúnta solais ag go leor cultúr ar fud an domhain ag an tráth seo bliana agus na tráthnónta dorcha ag druidim linn.

 

Déanfar óg agus aosta a threorú tríd an choill ar chosáin dhraíochtúla a bheas á soilsiú ag tine agus solas lena chinntiú nach dtéann tú ar seachrán! Beidh siúlóidí treoraithe ar fáil go dátheangach agus i nGaeilge amháin gach oíche.

 

Má thagann sibh ann na hoícheanta sin, beidh an choill beo le carachtair dhraíochta, scéalaíocht, taibheoirí sráide agus seó tine. Beidh éadaí teo de dhíth agus bróga nó buataisí cuí. Ná déan dearmad do laindéar féin a thabhairt leat fosta.

 

Beidh Samhain á reáchtáil dhá oíche i mbliana le freastal ar an éileamh, rud a chuireann níos mó amanna siúlóide ar fáil, ach moltar áiteanna a chur in áirithe gan mhoill.

 

Tá súil agaainn nach gcaillfidh sibh an t-eispéireas draíochtúil seo. Ná bíodh eagla ar bith oraibh, cosnóidh tinte ársa na Samhna sibh agus cuimhnígí go soilsíonn an solas is lú féin go geal sa dorchadas.

 

 

CCanna

Cén t-am a dtosaíonn agus a gcríochnaíonn an t-eispéireas?
Beidh na siúlóidí treoraithe ann idir 6pm agus 9pm gach 30 bomaite an dá oíche (seal deireanach 8.30pm). Mairfidh gach siúlóid threoraithe thart faoi uair an chloig. Molaimid go mbeadh sibh ann 30 bomaite ar a laghad roimh an am a bheas curtha in áirithe agaibh.

 

Cá mbeidh an t-eispéireas ag tarlú?
I mbliana tosóidh bhur dturas ag An Carn, áit a dtabharfar ar bhus sibh le bualadh le bhur dtreoraí siúlóide ag Tearmann Dúlra Dhroim nDamh. Tá spásanna páirceála ar fáil ag An Carn agus molaimid go mbeadh sibh ann 30 bomaite ar a laghad roimh an am a bheas curtha in áirithe agaibh. Mar gheall ar na rialacháin Covid, iarraimid go gcaithfeadh gach duine fásta agus páiste os cionn 12 bhliain cumhdach aghaidhe ar an turas ghairid bus go Droim nDamh. Iarraimid seo ar mhaithe le sábháilteacht na rannpháirtithe, na saorálaithe agus na dtaibheoirí uilig.

 

Cá háit a gcuirtear ticéid in áirithe?
Cuirigí bhur dticéid in áirithe ar líne ag ancarn.yapsody.com. Ní bheidh ticéid ar bith ar fáil ag an gheata.

 

Cé dó a bhfuil Samhain fóirsteanach?

Tá an t-eispéireas fóirsteanach do gach aois, do theaghlaigh agus do ghrúpaí. Níl an t-eispéireas seo fóirsteanach do chathaoireacha rothaí, ach tá do bhugaithe ilraoin.

 

An bhfuil rogha Ghaeilge amháin ar fáil?
Tá – tá roinnt sealanna ar fáil do shiúlóidí trí Ghaeilge AMHÁIN. Tá na sealanna eile uilig dátheangach.

 

An rachaidh Samhain ar aghaidh sa drochaimsir?
Rachaidh Samhain ar aghaidh ach amháin má mheastar nach bhfuil na dálaí aimsire sábháilte dár gcuairteoirí, dár bhfoireann agus dár saorálaithe. Sa chás sin cuirfear an dáta sonrach sin ar ceal. Féach ár bpolasaí cealaithe thíos.

 

Cad é ba cheart dom a chaitheamh?
Tabhair faoi deara gur eispéireas fómhair amuigh faoin aer é seo, mar sin is gá éadaí agus bróga fóirsteanacha a chaitheamh.

 

An bhfuil áiseanna leithris ar fáil?
Tá – tá leithris ag An Carn/An Coire, áit a dtosaíonn an t-eispéireas. Tá leithris fosta in aice leis an charrchlós ag Tearmann Dúlra Dhroim nDamh. NB: níl aon rochtain ar leithris le linn na siúlóide.

 

An mbeidh sólaistí ar fáil?
Beidh deochanna teo agus sólaistí blasta de dhéantús baile le fáil roimh bhur siúlóid agus ina diaidh i dTeach Caife & Bistro An Croí (atá lonnaithe in An Carn).

 

An bhfuil aon bhearta Covid i bhfeidhm?

Iarraimid ar ár gcuairteoirí treoirlínte an Údaráis Sláinte Phoiblí a leanúint agus cumhdach aghaidh nó masc a chaitheamh nuair nach féidir fanacht 2 mhéadar ar shiúl ó dhaoine. Más gá duit sraothartach nó casacht a dhéanamh, déan isteach i d’uillinn í, le do thoil, agus ní isteach i do lámh ná san aer. Tá stáisiúin díghalraithe lámh ar fáil le tacú leis na treoirlínte sláinteachas lámh. IS GÁ cumhdach aghaidhe a chaitheamh ar an turas bus anonn agus ar ais (thart faoi 5 bhomaite).

 

Polasaí Cealaithe

Tá de cheart ag Coiste Forbartha Charn Tóchair aon oíche de Samhain a chur ar ceal ar aon chúis a mheastar atá riachtanach do shábháilteacht agus do dhea-bhail ár gcuairteoirí, ár bhfoirne agus ár saorálaithe, ar a n-áirítear dálaí aimsire nach bhfuil sábháilte.

 

Sa chás go gcuirfí Samhain ar ceal, cuirfear sin in iúl a luaithe is féidir dóibh siúd a mbeidh áirithintí acu trí ríomhphost chuig an tseoladh ríomhphoist a úsáideadh leis an áirithint a dhéanamh. Is ar na custaiméirí atá an fhreagracht a ríomhphost a sheiceáil sula dtaistealaíonn siad chuig Samhain le haon nuashonrú a sheiceáil, agus fosta a chinntiú go gcuirtear a seoladh ríomhphoist isteach go beacht agus an áirithint á déanamh.

 

I gcás cealaithe, tabharfar aisíocaíocht iomlán do na custaiméirí taobh istigh de 10 lá ar a mhéad den dáta cealaithe.

 

Ní ghlacann Coiste Forbartha Charn Tóchair aon fhreagracht sa chás nach féidir le custaiméir bheith i láthair ag Samhain mar gheall ar aon toisc sheachtrach ar a n-áirítear srianta tráchta, tinneas, dálaí aimsire, srl.

 

Tá de cheart ag Coiste Forbartha Charn Tóchair amanna na n-imeachtaí agus a mbeidh ag tarlú mar chuid de na himeachtaí a athrú nó a nuashonrú aon am suas go dtí lá an imeachta féin.