Rath ar an fhilleadh d’Fheis Charn Tóchair

D’fhill an Fheis go Carn Tóchair arís. Déarfainn go mbeidh gach duine ar aon-intinn, a leithid de lá! Bhí muintir An Carn agus an choiste iontach sásta le líon na n-iontrálacha isteach ar an Fheis i mbliana. Bhí breis is 650 iontráil san iomlan isteach ar na comórtais. Is í aidhm na feise ná ceiliúradh a dhéanamh ar chultúr agus athbheochán na Gaeilge. San áireamh ar na gcomórtas bhí aithrisfilíochta, comhrá, ealaín, scoláireacht, Fáinne, comórtais scríbhneoireachta, amhránaíocht agus comórtas ceoil thraidisiúnta. I ndiaidh bolscaireachta ar fad, thosaigh na hiontrálacha ag teacht isteach. Bhí cúpla seachtain an-ghnóthach ina dhiaidh sin, le clár an lae a tharraingt le chéile agus ansin, sna laethanta roimh na feise, an áit a leagadh amach réidh don lá mór. Ba mhaith le foireann An Carn agus an choiste, buíochas a ghabháil leis an scata saorálaithe agus moltóirí a thug a gcuid ama le cuidiú le gach rud dul go breá ar an lá. Bhí an t-ádh dearg orainn leis an aimsir. Bhí faill ar teaghlaigh a bheith ar a sáimhín só lasmuigh idir na chomórtais agus sult a bhaint as na feiríní blasta ó An Croí Teach Caife agus Bistro agus an beárbaiciú eagraithe ag Naíscoil Charn Tóchair. Is féidir a rá go raibh an t-atmaisféar ag buzzáil agus is léir bhí daoine chomh sásta go raibh an Fheis ar ais ar an láthair arís.

Bhí sé ar fheabhas a fheiceáil an oiread sin scoileanna páirt a ghlacadh ann agus bhí sé galánta aghaidheanna na bpáistí a fheiceáil agus iad ag glacadh páirt sna comórtais. Do na teaghlaigh a bhfuil páistí acu sa Ghaeloideachas, ar lá na feise, léiríonn sé go bhfuil siad i gcroí lár pobal na Gaeilge.

Ba mhór ag Coiste Forbartha Charn Tóchair buíochas a ghabháil leis na maoinitheoirí Foras na Gaeilge, Comhairle Lár Uladh, Gael Linn agus Conradh na Gaeilge as an ócáid seo a mhaoiniú.