Labhair Gaeilge Liom 2026

27 Deireadh Fómhair 2026

Labhair Gaeilge Liom: Gnólachtaí i Machaire Rátha ag cur fáilte roimh an teanga
Tá oibrithe ag caitheamh suaitheantais ‘Labhair Gaeilge Liom’, le fáilte a chur roimh an Ghaeilge i siopaí agus i ngnónna Mhachaire Rátha.

Tá gnólachtaí ar fud Mhachaire Rátha reidh leis an Ghaeilge a chur chun cinn tríd an dara babhta de Labhair Gaeilge Liom, feachtas pobail a seoladh den chéad uair in 2024 le daoine a spreagadh Gaeilge a úsáid i gcomhráite laethúla ar fud an bhaile. Tá Óstán Walsh’s, Joe’s Pizza, búistéirí P&N agus, dár ndóigh, fiontraí An Carn ar na chéad dream le páirt a glacadh ann.
Léiríonn na gnólachtaí a tháinig isteach le déanaí — Caramel Kiss Spray Tanning, DMcN Valeting, Sceallóglann Fryday’s, Glenshane Marquees, Sportlann Machaire Ratha, Tigh Pheadair, Tír Coffee agus The Scoring End — an fás atá tagtha ar an Ghaeilge le blianta beaga anuas, go háirithe inár gceantar féin.
Tugann an tionscadal cuireadh do bhaill foirne agus d’úinéirí gnó a bhfuil Gaeilge acu suaitheantas ‘Labhair Gaeilge Liom’ a chaitheamh, le gur féidir leis an phobal iad a aithint agus Gaeilge a labhairt leo. Tá sé mar aidhm ag an fheachtas níos mó deiseanna labhartha Gaeilge a chruthú, agus lena normálú sa cheantar.
De réir an daonáirimh is déanaí, tá cumas éigin sa Ghaeilge labhartha ag 25% de mhuintir Mhachaire Rátha agus na gceantar máguaird. Tá sé mar aidhm ag Labhair Gaeilge Liom aitheantas níos fearr a thabhairt don scil teanga atá ag na daoine seo cheana féin agus níos mó deiseanna a chruthú dóibh í a chur i bhfeidhm. Spreagtar cainteoirí líofa chun a gcuid Gaeilge a úsáid, is féidir le daoine a d’fhoghlaim í ar scoil athcheangal a dhéanamh leis an teanga, agus is féidir le foghlaimeoirí a muinín a fhorbairt agus an Ghaeilge atá acu a úsáid.
Dúirt Joe Ó Dochartaigh, Oifigeach Pleanála Teanga Charn Tóchair:
“Is é an rud atá i gceist le ‘Labhair Gaeilge Liom’ ná an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí agus níos inrochtana. Tá ról tábhachtach ag gnólachtaí áitiúla anseo le húsáid agus fás na teanga a chothú. Trí pháirt a ghlacadh sa tionscadal, is féidir le gnólachtaí spásanna fáilteacha a chruthú ina mothaíonn custaiméirí ar a gcompord agus iad ag labhairt Gaeilge, agus ina mbíonn an teanga níos feiceálaí i saol laethúil Mhachaire Rátha.
Bhí tionchar thar a bheith dearfach ag athbheochan na Gaeilge i gCarn Tóchair agus ar fud Lár Uladh ar an phobal. Le feachtas ‘Labhair Gaeilge Liom’, ba mhaith linn an tionchar dearfach sin a roinnt leis an oiread daoine agus is féidir.”
Dúirt Sean McKenna, ó Tigh Pheadair:
“Is bealach dearfach dúinn é páirt a ghlacadh in ‘Labhair Gaeilge Liom’ chun teagmháil a dhéanamh le níos mó daoine sa phobal áitiúil. Mothaíonn custaiméirí go bhfuil fáilte rompu agus tugann sé an mhuinín dóibh an Ghaeilge a úsáid nuair a thugann siad cuairt orainn. Tá sé chóir a bheith speisalta le bheith ag éisteacht le hOisín ag caint leis an méid sin daoine i nGaeilge ag an bheár. Tá muid ar fad anseo i dtigh Pheadair iontach bródúil go bhfuil Oisín mar chomhghleacaí linn. Tá muid bródúil fosta seirbhís a chur ar fáil a léiríonn pobal Mhachaire Rátha, agus tá súil againn go spreagfaidh sé níos mó daoine le tacú le na gnó áitiúil chomh maith.
Spreagtar gnólachtaí áitiúla ar spéis leo a bheith páirteach san fheachtas, teagmháil a dhéanamh leis An Carn ar 028 79549978 nó joe.odoherty@ancarn.org.

—

27 October 2026

Labhair Gaeilge Liom: Bringing Irish into Everyday Business in Maghera
Staff wearing Labhair Gaeilge Liom badges invite customers to speak Irish in more shops and businesses in Maghera.
Businesses across Maghera are set to promote the Irish language through the second iteration of Labhair Gaeilge Liom (‘Speak Irish to Me’), a community campaign encouraging people to use Irish in everyday conversations throughout the town, first launched in 2024 with Joe’s Pizza, P&N butchers, Walsh’s Hotel and of course the An Carn enterprises the first to take part. Recent additions: Caramel Kiss Spray Tanning, DMcN Valeting, Fryday’s Chippy, Glenshane Marquee Hire, Maghera leisure centre, McKenna’s Bar, Tír Coffee and The Scoring End reflect the growth in the language in recent years particularly in our local area.
The initiative invites Irish-speaking staff and business owners in Maghera to wear a Labhair Gaeilge Liom badge, making it easy for members of the public to identify those who are happy to speak Irish with them. The campaign aims to create more opportunities to use Irish in everyday life, helping to normalise the language in the area and importantly showing children that the Irish language is thriving around them.
25% of people in Maghera and the surrounding areas have a level of spoken Irish, according to the most recent census. Labhair Gaeilge Liom is aims to give greater recognition to these existing language skills and create more opportunities for people to put them into practice. Fluent speakers are encouraged to use their Irish, those who learned it in school can reconnect with the language, and learners can build confidence by using the Irish they have.
Joe Ó Dochartaigh, Language Planning Officer at An Carn said:
“Labhair Gaeilge Liom is about making Irish more visible and accessible. Local businesses have an important role to play in supporting the continued use and growth of the language. By taking part in the initiative, businesses can help create welcoming spaces where customers feel comfortable speaking Irish and where the language becomes a more visible part of daily life in Maghera.
The Irish language revival in Carntogher, and throughout Mid Ulster, has had a hugely positive impact on the community, and through Labhair Gaeilge Liom, we want to share that positive impact as widely as we can.”
Sean McKenna, of Mckenna’s bar said:
“Being involved in ‘Labhair Gaeilge Liom’ is a positive way for us to connect with more people in the local community. It helps customers feel welcome and gives them the confidence to use Irish when they visit our business. We’re proud to offer a service that reflects the community of Maghera, and we hope it encourages more people to shop local and visit establishments where they feel comfortable speaking Irish. Listening to Oisin converse with so many people, in Irish at the bar, makes everyone here at Peter’s bar very proud to have him as a colleague”
Local businesses interested in supporting the campaign are encouraged to get involved by contacting An Carn at 028 79549978 or joe.odoherty@ancarn.org.