Gaeilge don Teaghlach – Ar Line www.gaeilgedonteaghlach.com

Tá áthas ar Choiste Forbartha Charn Tóchair a fhógairt seoladh d’acmhainn Ghaeilge iontach eile atá saor in aisce ar líne. Tá an leabhar oibre a bhfuil an-ráchairt ann, Gaeilge don Teaghlach ar fáil ar líne anois mar shuíomh beo idirghníomhach ar www.GaeilgedonTeaghlach.com

Ar na mallaibh, bhí ócáid againn leis an acmhainn foghlama a sheoladh agus bhí Leas-chathaoirleach Christine Mc Flynn, Comhairleoir Martin Kearney, Déaglán Ó Doibhlin, Oifigeach Gaeilge ó Chomhairle Lár Uladh i láthair chomh maith le Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus páistí bunscoile i Rang 2 ó Bhunscoil Naomh Bríd.

Tá an leabhar oibre féin ina áis iontach do theaghlaigh le frásaí, stór focail i nGaeilge, rainn, amhráin leathanaigh oibre agus cód fuaime leis. Tá na naoi gcaibidil agus na híomhánna gleoite ón leabhar oibre anois ar fáil ar an suíomh idirlín idirghníomhach – ní gá ach brú ar an chnaipe leis an fhocal nó an frása a chloisteáil. Bainfidh gach duine idir óg agus aosta sult agus tairbhe as an acmhainn iontach seo go háirithe tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus cúramóirí a bhfuil páistí acu sa Ghaeloideachas.

Ba mhaith linn ar mbuíochas a ghabháil le  Conradh na Gaeilge agus an Roinn Pobail as maoiniú a chur ar fáil leis an acmhainn foghlama a aistriú go suíomh idirlín idirghníomhach.

Pictiúr glactha ag seoladh ar na mallaibh – Leonne Ní Loisigh (Coiste Forbartha Charn Tóchair), Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, páistí bunscoile i Rang 2 ó Bhunscoil Naomh Bríd, Leas-chathaoirleach Christine Mc Flynn agus Déaglán Ó Doibhlin, Oifigeach Gaeilge ó Chomhairle Lár Uladh.

www.gaeilgedonteaghlach.com