Folúntas –

Bainisteoir Caifé

Is deis tharraingteach agus annamh é an post seo le bheith ag bainistiú Caifé seanbhunaithe agus rathúil taobh istigh de cheann de na tograí athbheochana Gaeilge is mó le rá in Éirinn – ag soláthar seirbhísí tábhachtacha trí Ghaeilge i gcroílár pobal Gaeilge atá ag fás.

Bíonn an Caifé ag feidhmiú taobh istigh d’uaireanta oscailte an lae, gan aon riachtanais ach ar éigean ó thaobh uaireanta oibre neamhshóisialta de. Is fiontar sóisialta é an Café agus bíonn lónadóireacht ar an láthair agus sheachtrach araon á soláthar aige, agus bheadh deiseanna ann an gnó a éagsúlú agus/nó a fhorbairt.

Uaireanta: Luan – Aoine, 8am – 4pm (37.5 uair sa tseachtain)

Tuarastal: Le cinntiú, inphléite – ag brath ar thaithí.

Ionad: An Croí, 132 Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire Dhoire

Tá An Croí, 132 Bóthar Thír Chiana, Machaire Rátha, Co. Dhoire BT46 5NH, ag cuartú Bainisteoir Caifé atá fonnmhar agus spreagtha lenár gcaifé pobail tuaithe a stiúradh agus le taca le fás an fhiontair shóisialta thábhachtaigh seo. Is deis iontach seo do dhuine éigin atá paiseanta faoin fháilteachas, faoin cheannaireacht, faoin Ghaeilge agus faoin fhorbairt phobail.

Tá an post idéalach do dhuine ar ceannaire maith iad, agus atá ag iarraidh deiseanna úra gnó a leathnú agus a fhorbairt agus ról an chaifé mar mhol fáilteach dátheangach don phobal áitiúil agus do chuairteoirí a láidriú.

Fúinn

Is fiontar sóisialta bríomhar é An Croí Café a chruthaigh Coiste Forbartha Charn Tóchair. Ó d’oscail muid ár ndoirse i Samhain 2018, táimid anois inár mol fáilteach i gCarn Tóchair, áit a dtagann le chéile bia den scoith, aghaidheanna cairdiúla, agus grá dár gcultúr áitiúil.

Tá muid paiseanta fá dtaobh den Ghaeilge a cheiliúradh agus a chur chun cinn, agus tá d’aidhm againn seirbhís iomlán dhátheangach a thairiscint d’aon duine atá ag iarraidh Gaeilge a úsáid, cibé acu atá siad líofa, ag foghlaim nó fiosrach go díreach.

Tá An Croí, atá oscailte seacht lá na seachtaine fá choinne bricfeasta, lóin agus caife, ag fás agus ag forbairt leis. Tá muid ar bís fán am atá le teacht, agus tá muid ag cuartú duine a bhfuil an fuinneamh céanna sin acu agus atá ag iarraidh a bheith mar pháirt de rud inteacht speisialta.

Léargas ginearálta ar bhainisteoir Manager overview

Tá muid ag cuartú duine réamhghníomhach a bhfuil taithí acu le cur le rath agus fás iomlán an chaifé. Caithfidh an t-iarrthóir idéalach a bheith paiseanta fá sheirbhís as cuimse maith do chustaiméirí a thabhairt agus taithí a bheith acu san fháilteachas.

Príomhfhreagrachtaí

  • A bheith ag obair mar bhainisteoir an chaifé i ngach gné den obair laethúil, le maoirseacht foirne, bainistíocht stoic agus láimhseáil airgid thirim san áireamh
  • Seirbhís den scoith do chustaiméirí a chinntiú
  • Sceidealú foirne, oiliúint agus bainistíocht foirne
  • Comhlíontacht a chinntiú le sláinteachas bia, sláinte agus sábháilteacht agus rialúcháin cheadúnaithe
  • Oversee day-to-day procedures, including end of day finance report
  • Ardchaighdeáin a choinneáil i dtaca le glaineacht, cur i láthair bia agus cuma an chaifé i gcónaí.
  • Tacú le gníomhaíochtaí bolscaireachta agus margaíochta le díolacháin agus rannpháirtíocht custaiméirí a mhéadú.

Sonraíocht phearsanta

  • Caithfidh an t-iarrfóir a bheith iontaofa, poncúil agus gairmiúil i gcónaí. Caithfidh siad cur chuige dearfach a bheith acu i leith na hoibre agus tiomantas a léiriú i leith ardchaighdeáin bhia agus seirbhís do chustaiméirí.
  • Caithfidh an t-iarrthóir taifead cruthaithe a bheith acu de mhaoirseacht rathúil ar fhoireann

Critéir riachtanacha

  • Gaeilge líofa nó ina fhoghlaimeoir ardleibhéil
  • Scileanna den scoith i seirbhís do chustaiméirí
  • Tuigbheáil mhaith ar shábháilteacht bhia, sláinteachas agus cleachtais sláinte agus sábháilteachtaerstanding of food safety, hygiene and health and safety practices
  • Taithí i láimhseáil airgid thirim, rialú stoic agus tuairisciú bliantúil
  • Scileanna láidre ceannaireachta, scileanna ar dóigh cumarsáide, eagraíochtúla agus idirphearsanta
  • Solúbthacht le bheith ag obair ag deireadh na seachtaine, go luath ar maidin, agus laethanta saoire de réir mar is gá de réir tionscnaimh phobail.

Critéir inmhianaithe

  • Taithí roimhe seo i ról maoirseachta i gcaifé, nó suíomh fáilteachaisPrevious experience in a supervisory role within a café, or hospitality setting
  • Sláinteachas Bia Leibhéal 2 nó níos airde
  • Garchabhair nó oiliúint sláinte agus sábháilteachta Barista trainingFirst aid or health and safety training
  • Garchabhair nó oiliúint sláinte agus sábháilteachta Barista training
  • Eolas ar mhargaíocht, bolscaireacht nó meáin shóisialta don fháilteachas
  • Feasacht ar inbhuanaitheacht agus tionchar comhshaoil san fháilteachas

 

Cuir scairt ar 028 79549978 nó r-phost le CV agus litir chumhdaigh chuig obair@ancarn.org