Folúntas – Comhordaitheoir Óige Áitiúil

COISTE FORBARTHA CHARN TÓCHAIR

Sonraíocht an Phoist

Teideal an Phoist: Comhordaitheoir Óige Áitiúil

Freagrach do: Bainisteoir An Carn

Próifíl an Phoist: Comhordaitheoir Óige Áitiúil ar chumann Óige logánta Charn Tóchair, chun togra ceannródaíoch óige s’againn a fhobairt agus a stiúradh thar thréimhse bliana

Tuarastal: £18,824

Téarma: Conradh bliana, 25 uair sa tseachtain

Áit: An Carn 132 Bóthar Thir Chiana; Machaire Rátha; BT46 5NH

Is eagraíocht chomhphobail é Coiste Forbartha Charn Tóchair, atá suite taobh amuigh de Mhachaire Rátha. Cuireadh Coiste Forbartha Charn Tóchair ar bun le cuidiú le raon tograí a chur i gcrích agus an aidhm acu daoine folláine, sona agus muiníneacha agus pobal tuaithe inbhuanaithe a chruthú. Tá an obair óige i gcroílár obair/imeachtaí Charn Tóchair. Is iad na aidhmeanna an Choiste Forbartha ná:

  • Áit tharraingteach a chruthú le cónaí agus fás suas ann, mar a mothaíonn ár ndaoine óga gur cuid thábhachtach den cheantar iad agus gur mhaith leo cónaí a dhéanamh ann go buan.
  • Ceantar mar a bhfuil tithíocht agus raon bonneagair seirbhíse pobail ar fáil do theaghlaigh óga.
  • Pobal atá bródúil as a gceantar, a gcomhshaol áitiúil agus a n-oidhreacht chultúrtha agus teanga.
  • Pobal dátheangach, ag imirt ról tábhachtach ag casadh thaoide an mheatha teanga leis an teanga dhúchais a chur ar ais i réim.
  • Pobal caoinfhulangach a dhearcann amach le féinmhuinín chomhchoiteann agus a chuireann fáilte roimh dhaoine eile.
  • Pobal atá ag soilsiú an bhealaigh do phobail eile ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin le teacht arís ar a gcuspóir agus ar a n-inbhuanaitheacht fhadtéarmach.

Sonraí an Phoist

Tá Carn Tóchair ag cuardach Comhordaitheoir Óige Áitiúil ar Chumann Óige logánta Charn Tóchair, chun an togra ceannródaíoch óige s’againn a fhorbairt agus a stiúradh thar thréimhse bliana. Thosaigh an obair óige i gCarn Tóchair in 2008 agus tá sí ag fás agus ag forbairt mar shainseirbhís óige áitiúil ó shin i leith. Den chéad uair riamh, tá aitheantas oifigiúil tugtha ag an Údarás Oideachais don tseirbhís óige s’againn agus tá maoiniú faighte le haghaidh sonraíocht óige áitiúil i gCarn Tóchair. Tá an club óige dírithe ar pháistí idir 9 agus 18. Déanfar sainchláir san Obair Óige a sholáthar le réimse cuimsitheach de chláracha forbartha agus traenála óige, a thógann ar scileanna pearsanta, sóisialta, mothúchánacha agus sochtheangeolaíochta na ndaoine óga i dtearmann sábháilte óige. Beidh an Comhordaitheoir freagrach as bainistiú a dhéanamh ar 4 oibrithe óige tacaíochta agus buiséad óige thar thréimhse an tionscadail.

Critéir Riachtanacha don Chomhordaitheoir Óige Áitiúil:

  • Ardchaighdeán Gaeilge idir labhartha agus scríofa
  • OCN 3 Forbairt Obair Ghrúpa agus taithí oibre
  • Duine fuinniúil gníomhach féinmhuiníneach, le hardscileanna idirphearsanta, a dtig leis/léi obair a dhéanamh as a stuaim féin agus mar chuid d’fhoireann.
  • Taithí ar fhorbairt agus bainistiú cláir imeachtaí óige
  • Taithí ar chomhordú tionscadail óige
  • Taithí ar bhainistíocht foirne
  • Taithí ar structúr agus próiseas tuairiscithe an Údaráis Oideachais agus go háirithe a scéim ‘LOCAL AREA BASED FUNDING’.
  • Scileanna cumasacha i mbogearraí na teicneolaíochta faisnéise agus forbairt bunachar sonraí, agus scarbhileoga Excel
  • Taithí chuí maidir le tionscadail a ullmhú, agus a fhorbairt, agus maidir le hathbhreithniú agus an tuairisciú / measúnú cuí a dhéanamh ina leith;
  • Taithí shonrach ar bhainistíocht airgeadais agus buiséid, agus ar fhreagracht a ghlacadh as tuairiscithe airgeadais a ullmhú;
  • Taithí chuí cumarsáide, margaíochta agus poiblíochta, i gcomhthéacs na meán sóisialta agus na meán traidisiúnta araon;
  • Taithí ar iarratais mhaoinithe a ullmhú agus a chur i gcrích agus tuairiscí cuí a ullmhú do mhaoinitheoirí.

Critéir inmhianaithe:

  • Taithí ag dearadh, ag éascú agus ag measúnú cláracha sainiúla do dhaoine óga agus oibrithe óige.
  • Tuiscint chuimsitheach ar na sainchéisteanna a théann i bhfeidhm ar dhaoine óga as pobail faoi míbhuntáiste.
  • Tuiscint chuimsitheach ar na cúinsí polaitiúla reatha ó thuaidh agus an feachtas leanúnach ar son cearta teanga do phobal na Gaeilge.

Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo foirm iarratais a líonadh agus í a chur chuig Rannóg Acmhainní Daonna An Carn ag obair@ancarn.org

Spriocdháta iarratais: Dé hAoine 6ú Márta 2026 ag 5pm

Dáta an agallaimh: le cinntiú

 

2026.02.25 Comhordaitheoir Óige Áitiúil CARN TÓCHAIR- Cur Sios Poist

 

2026.02.25 Comhordaitheoir Óige Áitiúil- CARN TÓCHAIR Foirm Iarratais-2026