Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
COISTE FORBARTHA CHARN TÓCHAIR
Sonraíocht an Phoist
Teideal an Phoist: Comhordaitheoir Óige Áitiúil
Freagrach do: Bainisteoir An Carn
Próifíl an Phoist: Comhordaitheoir Óige Áitiúil ar chumann Óige logánta Charn Tóchair, chun togra ceannródaíoch óige s’againn a fhobairt agus a stiúradh thar thréimhse bliana
Tuarastal: £18,845 in aghaidh na huaire
Téarma: Conradh bliana, 25 uair sa tseachtain
Áit: An Carn
132 Bóthar Thir Chiana
Machaire Rátha
BT46 5NH
Is eagraíocht chomhphobail é Coiste Forbartha Charn Tóchair, atá suite taobh amuigh de Mhachaire Rátha. Cuireadh Coiste Forbartha Charn Tóchair ar bun le cuidiú le raon tograí a chur i gcrích agus an aidhm acu daoine folláine, sona agus muiníneacha agus pobal tuaithe inbhuanaithe a chruthú. Tá an obair óige i gcroílár obair/imeachtaí Charn Tóchair. Is iad na aidhmeanna an Choiste Forbartha ná:
Sonraí an Phoist
Tá Carn Tóchair ag cuardach Comhordaitheoir Óige Áitiúil ar Chumann Óige logánta Charn Tóchair, chun an togra ceannródaíoch óige s’againn a fhorbairt agus a stiúradh thar thréimhse bliana. Thosaigh an obair óige i gCarn Tóchair in 2008 agus tá sí ag fás agus ag forbairt mar shainseirbhís óige áitiúil ó shin i leith. Den chéad uair riamh, tá aitheantas oifigiúil tugtha ag an Údarás Oideachais don tseirbhís óige s’againn agus tá maoiniú faighte le haghaidh sonraíocht óige áitiúil i gCarn Tóchair. Tá an club óige dírithe ar pháistí idir 9 agus 18. Déanfar sainchláir san Obair Óige a sholáthar le réimse cuimsitheach de chláracha forbartha agus traenála óige, a thógann ar scileanna pearsanta, sóisialta, mothúchánacha agus sochtheangeolaíochta na ndaoine óga i dtearmann sábháilte óige. Beidh an Comhordaitheoir freagrach as bainistiú a dhéanamh ar 4 oibrithe óige tacaíochta agus ar an bhuiséad óige thar thréimhse an tionscadail.
Critéir Riachtanacha don Chomhordaitheoir Óige Áitiúil:
Critéir inmhianaithe:
Iarrtar ar dhaoine ar spéis leo cur isteach ar an phost seo foirm iarratais a iarraidh trí rphost a chur chuig Rannóg Acmhainní Daonna An Carn ag obair@ancarn.org nó faigh ar www.ancarn.org
Spriocdháta d’iarratais: Dé hAoine 6ú Márta 2026 ag 5pm
Dáta an agallaimh: le cinntiú
2026.02.26 Comhordaitheoir Óige Áitiúil CARN TÓCHAIR- Cur Sios Poist
2026.02.26 Comhordaitheoir Óige Áitiúil- CARN TÓCHAIR Foirm Iarratais-2026