Feis Charn Tóchair 2022

Feis Charn Tóchair 2022 – Ag pilleadh go dtí An Carn.

Ceiliúradh ar an Ghaeilge agus an chultúr

Tá muid iomlán ar bís go mbeidh Feis Charn Tóchair ar ais ar an láthair ag An Carn i mbliana.

Beidh an mór-imeacht ar siúl Dé Sathairn an 14úBealtaine 2022.

Ba iad aidhmeanna Fheis Charn Tóchair athbheochan na Gaeilge agus an chultúir i gContae Dhoire a cheiliúradh agus a chur chun cinn. Beidh réimse catagóire sna comórtais a bheas oiriúnach do dhaltaí Naíscoile, Gaelscoile, Bunscoileanna Bhéarla agus daltaí meánscoile chomh maith.

Tá na pleananna agus socrúcháin ar fad idir lámha againn ag ullmhú do lá na Feise. Níl de dhíth anois ach páistí agus daoine óga le cuir isteach ar na comórtais! Gheobhaidh tú thíos an réimse comórtais.

The Feis Competitions are as follows:

  • Comórtas Scoláireachta:

Bronnfar páirt scoláireachtaí suas go 50% ar bheirt dhalta ar a laghad, i ngach aon aoisghrúpa ó Bhliain 8 go Bliain 13, le freastal a dhéanamh ar cheann de choláistí samhraidh na Gaeltachta.

  • Comhrá: Tugann an comórtas seo deis iontach do thuismitheoirí a bhfuil páistí de gach aois acu blaiseadh a fháil ar an dóigh ar féidir leis an Ghaeloideachas fíor-dhátheangachas a sholáthar. Molaimid go láidir do thuismitheoirí a bpáistí a chur isteach sa chomórtas seo. Tá sé oiriúnach do dhaltaí naíscoile agus bunscoileanna.
  • Comórtas Fáinne:Tá an comórtas seo oscailte do dhaltaí Bunscoile / Gaelscoile agus daltaí Meánscoile Níl cead ag daltaí Bunscoile / Gaelscoile cuir isteach ar chomórtas an Fháinne. Tá fáilte roimh páistí i Rang 5 + cuir isteach ar an Fháinne Airgid. Tá liosta iomlán de na ceisteanna agus sampla struchtúir an chomórtais ar fáil ar an nasc seo a leanas: FÁINNE COMPETITION
  • Comórtas aithriseoireacht filíochta:Tá rannóga ann oiriúnach do réimse aoisghrúpaí éagsúla, idir fhoghlaimeoirí na teanga agus chainteoirí líofa. Is iad na rannóga ná: naíscoil, Gaelscoil, bunscoil Bhéarla & meánscoil. Tá réimse dánta ar fáil fóirsteanach do gach aoisghrúpa. De ghnáth, bíonn dánta a theagasc ag múinteoirí do na páistí sa seomra ranga sna seachtainí roimh na Feise. Afach, anois tá cuid taifeadtaí agus físéáin de na dánta ar fáil ar ár gcainéal You Tube. Feis Charn Tóchair – YouTube Déan cinnte le múinteoir do pháiste, cén dán a mbeidh rang do pháiste ag foghlaim. Cliceáil ar an nasc thíos le do thoil, le haghaidh liosta iomlán na ndánta don chatagóir atá de dhíth.

    Rogha na nDánta do Bhunscoileanna Béarla

    Rogha na nDánta do Ghaelscoileanna

    Rogha na nDánta do Mheánscoileanna

  • Comórtas Scríbhneoireachta – Gearrscéal: Oiriúnach do dhaltaí Bunscoile /Gaelscoile agus daltaí Meánscoile. Iarrtar ar scoláirí gearrscéal 500 focal (nó níos lú) a scríobh. Níl aon táille don chomórtas seo. Ní mór an píosa scríbhneoireachta a chur isteach faoinAoine 6 Bealtaine 2022.
  • Comórtas Scríbhneoireachta – Filíocht
  • Oiriúnach do dhaltaí bunscoile i Rang 5 – Rang 7 agus daltaí meánscoile. Níl aon táille don chomórtas seo. Ní mór an píosa scríbhneoireacht a chur isteach faoin Aoine an 6ú Bealtaine.
  • Comórtas Ealaíne: Tá an comórtas seo fóirsteanach do chách. Ní mór ar gach píosa ealaíne bheith curth isteach faoin Aoine an 6ú Bealtaine. Léigh na nótaí faoina riachtanais iontrála sna Rialacha agus Treoirlínte, le do thoil. Téamaí:

Naíscoil: Rogha Oscailte

Rang 1 – Rang 7 = Samhradh

Bliain 8 – Bliain 14 = An Áit is Fearr Liom

  • Ceol Traidisiúnta:Tá an comórtas seo oiriúnach do chách. Is iad na rannóga éagsúla: Feadóg stáin, feadóg mhór, fidil, bainseó / maindilín, bosca ceoil, consairtín, cláirseach, giotár, bodhrán, cláirseach, grúpa ceoil agus amhránaíocht thraidisiúnta.

Spriocdháta na n-iontrálacha:

Ní mór ar gach páiste / duine óg clárú tríd an suíomh idirlíon www.ancarn.org/whats-on faoi DHÉARDAOIN 28 AIBREÁN. Ní ghlacfar le hiontrálacha i ndiaidh an dáta seo toisc go nglacann sé am clár ama do lá na feise a tharraing le chéile. Seolfar clár ama na gcomórtas chuig scoileanna agus tuismitheoirí trí r-phost.

Táille –

Is é £2.50 an dalta an comórtas an costas iontrála ar na comórtais seo a leanas: Aithrisfilíochta, Comhrá, Ealaín, Ceol Traidisiúnta, Amhránaíocht Thraidisiúnta

£4.50 ar an chomórtas an fháinne – (seo le costas na suaitheantas a chlúdach.)

£5.00 ar an chomórtas Scoláireachta – Tá ar na hiontrálaí páirt a ghlacadh i gcomórtas amháin eile – Aithrisfilíochta, Ceol Traidisiúnta nó Amhránaíocht Thraidisiúnta. Clúdaíonn an táille an dá chomórtas.

 

Iarraimid ar iarratasóirí na Rialacha agus Treoirlínte a léamh roimh iontráil a chur isteach. Rialacha & Treoirlínte FCT’22

TREOIR MAIDIR LE ÁIRITHINTÍ:

IONTRÁIL ÁIRITHINT AR LEITH DO GACH PÁISTE, LE DO THOIL

Déan cinnte, ainm do pháiste a chur isteach chomh maith le cén scoil ina bhfuil siad agus cén rang.

Rognaigh na ticéid do na comórtais ar mhaith leo cuir isteach air.

Do na comórtais Ceoil, Fáinne agus Scoláireachta – is féidir roghniagh ó liosta, cén uirlis, cén fáinne nó cén comórtas sa bhreis ar mhaith leo cuir isteach air, ar an chéad lch eile.

Críochnaigh an t-idirbheart agus déan arís é má tá ort áirithint eile a dhéanamh do gach páiste eile.

Cliceáil ar an nasc seo a leanas le haghaidh tuilleadh eolais agus iontráil a chur isteach ar an Fheis. Feis Charn Tóchair 2022 (ancarn.org)