Dianchúrsa Gaeilge #FCT22

Dé Sathairn 2 Iúil, beidh dianchúrsa Gaeilge ar siúl do dhaoine fásta. Is cúrsa aon-lae seo atá a sholáthair ag oidí den chéad scoth. Beidh ceithre leibhéal ann foirsteanach do ghlantosaitheoirí agus foghlaimeoirí ag ard leibhéal. Is deis iontach í seo snás a chur ar do chuid Gaeilge nó do na daoine siúd a raibh sé ar intinn acu Gaeilge a fhoghlaim le tamall anuas, deis an teanga a bhlaiseadh roimh síniú suas ar chúrsa iomlan. Beidh meascán de léitheoireacht, éisteacht, giota scríbhneoireachta a chlúdach ar an chúrsa agus deis le labhairt na Gaeilge a chleachtadh chomh maith. Tá muid ar bís an cúrsa seo a thabhart ar ais ar an suíomh anseo ag An Carn arís. Beidh sé ar fheabhas ár seanchairde a fheiceáil ar ais arís, ach beidh sé go deas fáilte a chur roimh daoine nua chomh maith. Beidh sólaistí blasta agus lón a sholáthair ag An Croí Teach Caife agus Bistro i rith an lae.