Deis Fostaíochta Úrnua – Líonra Gaeilge Charn Tóchair

Oifigeach Pleanála Teanga

Líonra Gaeilge Charn Tóchair

Tá post Oifigeach Pleanála Teanga á thairiscint ag Líonra Gaeilge Charn Tóchair.

Post trí bliana atá á thairiscint, agus d’fhéadfaí cur leis an tréimhse sin, ag brath ar mhaoiniú. Beidh an té a cheapfar freagrach as cur i bhfeidhm bhearta phlean teanga ‘Líonra Gaeilge Charn Tóchair’ agus freagrach do Choiste Stiúrtha Líonra Gaeilge Charn Tóchair maidir le clár oibre aontaithe a fheidhmiú ina leith sin.

Critéir Riachtanacha

  • Ardchaighdeán Gaeilge, idir scríofa agus labhartha
  • Ardscileanna idirphearsanta agus cumarsáide, idir labhartha agus scríofa
  • Taithí ghairmiúil trí bliana ar a laghad ag riar agus ag bainistiú tionscadal Gaeilge sa phobal.
  • Taithí ghairmiúil trí bliana ar a laghad ar bhuiséad a riar agus tuairisciú airgeadais a ullmhú

Critéir inmhianaithe

  • Cáilíocht tríú leibhéal nó a chothrom
  • Taithí ghairmiúil ag obair ar chúrsaí pleanála teanga
  • Cáilíocht i gcúrsaí pleanála teanga
  • Taithí ghairmiúil ag riar clár óige trí Ghaeilge
  • Cáilíocht agus/nó taithí margaíochta

Tá scála tuarastail Oifigeach Foirne (£30,100- £32,250) ag gabháil leis an phost.

Tá an fhoirm iarratais don phost agus an plean do Líonra Gaeilge Charn Tóchair le fáil ag iarrthóirí ach r-phost a sheoladh chuig eolas@ancarn.org.

Caithfidh an fhoirm iarratais chomhlánaithe a bheith faighte ag Coiste Stiúrtha Líonra Gaeilge Charn Tóchair faoi 12.00 meán lae Dé hAoine 20 Bealtaine 2022 ag eolas@ancarn.org.

Ní ghlacfar le hiarratais mhalla.