Téama: Pobal – Daoine & Áit
*SPRIOCDHÁTA CURTHA SIAR*
Glactar le do léamh féin ar an téama. Seans go dtógfá grianghraf a thugann léargas ar mhuintir na háite, ar fhiadhúlra, ar oidhreacht, ar thírdhreach nó ar shaol an phobail.
Catagóiri: Faoi 16 agus Amaitéaraigh Fhásta
Duaiseanna:
1ú hÁit £50 (Prionta frámáilte de d’íomhá san áireamh)
2ú hÁit £25 (Prionta digiteach frámáilte de d’íomhá san áireamh)
Téarmaí & Coinníollacha
- Ní mór grianghraif a thógáil i gceantar Charn Tóchair agus na bailte fearainn máguaird
- Ní mór gach iontráil a chur isteach i bhformáid dhigiteach le: ainm, uimhir theagmhála, teideal an ghrianghraif agus an áit inar tógadh an grianghraf.
- Ní mór na hiontrálacha a sheoladh chuig: info@ancarn.org nó eolas@ancarn.org
- Glactar le 2 iontráil an duine
- Is é an * Dé Aoine 4 Iúil * an spriocdháta le haghaidh iarratas
- Cuirfear na grianghraif ar taispeáint in An Croí le linn Fhéile Charn Tóchair
- Tugtar cead do Choiste Forbartha Charn Tóchair na hiontrálacha uilig a chur i bhféilire áitiúil do 2026
- Ní cheadófar iontrálacha ó ghrianghrafadóirí gairmiúla
- Coinneoidh na hiomaitheoirí cóipcheart na ngrianghraf a chuirfidh siad isteach. Is ionann iontráil a chur isteach ar an chomórtas agus cead a thabhairt do Choiste Forbartha Charn Tóchair na híomhánna a fhoilsiú agus a chur ar taispeáint.