Your privacy is important to us.
This website uses cookies to help deliver its services. By using this website, you agree to the use of cookies as outlined in our Privacy Policy.
Domhnach na Slat – Siúlóid i gcuimhne ar Thomás Ó Caiside ar shliabh Charn Tóchair.
Ba mhaith le muintir An Carn agus Clann Uí Chaiside buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a thug síntuis don bhailiúchán ag an tsiúlóid ar Domhnach na Slat.
Bhí £1,310 tógtha ar an lá. Bhí sé iontach speisialta an oiread sin daoine a fheiceáil ar an tsiúlóid bhliantúil arís, go háirithe i ndiaidh dhá bhliain nuair a bhí srianta Covid i bhfeidhm. Shocraigh Clann Uí Chaiside an t-airgead a chur i dtreo scoláireachtaí chun na Gaeltachta i mbliana.
Beidh na scoláireachtaí a roinnt amach trí Feis Charn Tóchair i mbliana. Más mian leat scoláireacht a fháil ní mór iontráil a chur isteach ar an Fheis faoi Dhéardaoin an 28úAibreán ar www.ancarn.org/whats-on/feis-charn-tochair-2022
Tuilleadh eolais faoin chomórtas scoláireachta ar fáil i Rialacha agus Treoirlínte na Feise atá ar fáil ar suíomh An Carn.